Céard is brí le Bheith i do “Shamárach Maith”?
Freagraíonn an Bíobla
Úsáidtear an leagan cainte “Samárach Maith” chun cur síos a dhéanamh ar dhuine a chabhraíonn le daoine atá i gcruachás. Tháinig an téarma ó scéal, nó parabal, a d’inis Íosa chun a léiriú go gcabhraíonn comharsa mhaith go trócaireach le daoine eile beag beann ar chine nó ar chúlra an duine sin.
San alt seo
Céard faoi atá parabal an ‘tSamáraigh Maith’?
Seo achoimre ghairid ar an scéal a d’inis Íosa: Bhí Giúdach ag taisteal ó Iarúsailéim go Ireachó. Ar an mbealach, robáladh é, buaileadh é, agus fágadh leathmharbh é.
Shiúil sagart Giúdach thar an bhfear a bhí gortaithe agus níos déanaí rinne ceannaire reiligiúnach an rud céanna. Cé gur beirt den chine Giúdach a ba iad, níor stop ceachtar acu chun cabhrú leis.
Ach ansin, tháinig fear arbh as náisiún eile é ar an bhfear a bhí gortaithe. Samárach a bhí ann. (Lúcás 10:33; 17:16-18) Le trua don fhear gortaithe, chuir sé cóir leighis ar a chréachtaí. Ansin thug sé go dtí teach ósta é agus thug sé aire dó an oíche sin. An lá dár gcionn, d’íoc sé úinéir an tí ósta le haire a thabhairt don fhear agus thairg sé go n-íocfaidh sé aon chostas breise.—Lúcás 10:30-35.
Cén fáth ar úsáid Íosa an parabal seo?
D’inis Íosa an parabal d’fhear a cheap nach raibh mar chomharsana aige ach daoine dá chine agus dá chreideamh féin. Theastaigh ó Íosa ceacht tábhachtach a mhúineadh don fhear—sé sin go gcaithfeadh sé a thuiscint go raibh níos mó i gceist le comharsa ná a chomhGhiúdaigh. (Lúcás 10:36, 37) Is ar mhaithe le gach duine atá ag iarraidh Dia a shásamh a cuireadh an cuntas seo sa mBíobla.—2 Tiomóid 3:16, 17.
Cén ceacht atá le foghlaim ón bparabal?
Múineann an parabal gur cheart go mbeadh duine trócaireach lena chomharsan. Ba cheart go ndéanfaidh sé an mhaith don duine atá ag fulaingt—beag beann ar a chúlra, a chine nó a náisiúntacht. Caitheann comharsa dílis le daoine eile mar ba mhaith leis go gcaithfí leis féin.—Matha 7:12.
Cérbh iad na Samáraigh?
Chónaigh na Samáraigh sa tír atá díreach ó thuaidh de Iúdá. Ina measc bhí sliocht de dhream daoine a tháinig ó phóstaí measctha idir Giúdaigh agus neamh-Ghiúdaigh.
Faoin gcéad aois C.R., bhí a reiligiún féin cruthaithe ag na Samáraigh. Ghlac siad leis an gcéad chúig leabhar de na Scrioptúir Eabhraise ach den chuid is mó dhiúltaigh siad don chuid eile.
Nuair a bhí Íosa ar an talamh bhí fuath ag go leor de na Giúdaigh do na Samáraigh agus níor bhac siad leo. (Eoin 4:9) D’úsáid cuid de na Giúdaigh an téarma “Samárach” go maslach.—Eoin 8:48.
Ar tharla na heachtraí a bhí luaite sa bparabal faoin “Samárach Maith”?
Ní thugann na Scrioptúir le fios an raibh parabal an Samárach bunaithe ar eachtra ar bith. Mar sin féin, ba mhinic a d’úsáid Íosa nósanna agus ionaid áitiúla ina theagasc ionas go dtuigfeadh a éisteoirí go héasca an pointe a bhí á dhéanamh aige.
Tá go leor sonraí sa bparabal atá cruinn go stairiúil. Mar shampla:
Bhí an bóthar ó Iarúsailéim go Ireachó os cionn 20 ciliméadar (12 míle) ar fad—agus chuaigh sé síos le fána an bealach ar fad. Deirtear sa gcuntas go raibh na taistealaithe a bhí ag dul i dtreo Ireachó “ag dul síos ó Iarúsailéim.”—Lúcás 10:30.
Thaistil sagairt agus Léivítigh a raibh cónaí orthu in Ireachó ar an mbóthar seo go rialta agus iad ag dul go hIarúsailéim.
Is minic a chuaigh robálaithe i bhfolach ar thaobh an bhóthair iargúlta seo ag fanacht le taistealaithe—go háirithe iad siúd a bhí ag taisteal leo féin.