Cén Chaoi Ar Thug Íosa a Anam “Mar Cheannach ar Mhórán”?
Freagraíonn an Bíobla
Is trí íobairt Íosa a fhuasclaíonn, nó a shlánaíonn, Dia an cine daonna ón bpeaca agus ón mbás. Deir an Bíobla gurbh í fuil Íosa a doirteadh a d’íoc an éiric. (Eifisigh 1:7; 1 Peadar 1:18, 19) Mar sin, dúirt Íosa gur tháinig sé chun na talún “chun a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”—Matha 20:28
Cén fáth a raibh gá le héiric?
Cruthaíodh an chéad fhear, Ádhamh, foirfe nó gan pheaca. Bhí an deis aige maireachtáil go deo ach chaill sé an deis sin nuair a bheartaigh sé a bheith easumhal do Dhia. (Geineasas 3:17-19) Nuair a bhí clann aige, bhí rian an pheaca ón mbroinn orthu. (Rómhánaigh 5:12) Tugann an Bíobla le fios gur ‘dhíol’ Ádhamh é féin agus a chlann, rud a d’fhág faoi sclábhaíocht an pheaca agus an bháis iad. (Rómhánaigh 7:14) De bhrí go raibh siad neamhfhoirfe, ní raibh aon duine acu in ann an bheatha fhoirfe a chaill Ádhamh a cheannach ar ais.—Salm 49:8, 9 (49:7, 8 i mBíoblaí eile).
Bhí trua ag Dia do shliocht Ádhaimh mar gheall ar an drochbhealach a bhí siad fágtha. (Eoin 3:16) Ach, mar gheall ar chaighdeán Dé i leith an chirt, ní fhéadfadh sé neamhaird ná leithscéal a dhéanamh i dtaobh a bpeacaí gan é a bheith dleathach. (Salm 89:14; Rómhánaigh 3:23-26) Mar gheall ar an ngrá a bhí ag Dia don chine daonna, chuir Sé an modh dlíthiúil a bhí riachtanach ar fáil, ní hamháin chun a bpeacaí a mhaithe dóibh ach chun fáil réidh leo ar fad. (Rómhánaigh 5:6) Is í an éiric an modh dleathach seo.
Cén chaoi a n-oibríonn an éiric?
Sa mBíobla, baineann an téarma “fuascailt” leis na trí ghné seo a leanas:
Bíonn íocaíocht i gceist leis.—Uimhreacha 3:46, 47.
Bíonn fuascailt, nó slánú i gceist leis.—Eaxodus 21:30.
Bíonn an méid a íoctar nó a chlúdaíonn sé ar chomh-luach.
Breathnóidh muid anois ar na trí ghné seo i gcás éiric Íosa Chríost. a
Íocaíocht. Deir an Bíobla “gur daor a ceannaíodh” Críostaithe. (1 Corantaigh 6:20; 7:23) Ba í fuil Íosa an luach a “d’fhuascail . . . daoine . . . as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine.”—Apacailipsis 5:8, 9.
Fuascailt. Cuireann éiric Íosa ‘fuascailt ar fáil’ ón bpeaca.—1 Corantaigh 1:30; Colosaigh 1:14; Eabhraigh 9:15.
Ar chomh-luach. Tá íobairt Íosa ar chomh-luach leis an mbeatha fhoirfe a chaill Ádhamh. (1 Corantaigh 15:21, 22, 45, 46) Deir an Bíobla: “Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, (Ádhamh) ar an gcuma chéanna déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin (Íosa Críost).” (Rómhánaigh 5:19) Míníonn an scrioptúr sin gur féidir le bás fear amháin éiric a íoc ar son na bpeacach. Dá bhrí sin bhí ar chumas Íosa a bheatha fhoirfe dhaonna a thabhairt mar íobairt rud a íocann as peaca Ádhaimh ‘don uile dhuine’ a ghlacann na céimeanna atá riachtanach chun tairbhe a bhaint as an íobairt sin.—1 Tiomóid 2:5, 6.
a Tugann an bunfhocail óna n-aistrítear “éiric” sa mBíobla le tuiscint gur praghas, nó rud luachmhar, atá íoctha a bhí i gceist leis. Mar shampla, go bunúsach ciallaíonn an briathar Eabhraise ka·pharʹ “clúdach nó brat.” (Geineasas 6:14) Tagraíonn sé de ghnáth do chlúdach an pheaca. (Salm 65:4 [65:3 i mBíoblaí eile]) Tagraíonn an t-ainmfhocal gaolmhar koʹpher don phraghas a íoctar chun an clúdach seo, nó an slánú seo a bhaint amach. (Eaxodus 21:30) Mar an gcéanna, an focal Gréigise ly’tron a aistrítear mar “éiric” nó mar cheannach, chun duine a shlánú. (Matha 20:28; The New Testament in Modern Speech, by R.F Weymouth) D’úsáid scríbhneoirí Gréagacha an téarma seo chun tagairt den íocaíocht a dhéantaí le príosúnach cogaidh nó sclábhaí a scaoileadh saor.