Cé hÉ an tArdaingeal Mícheál?
Freagraíonn an Bíobla
Tagraíonn roinnt reiligiún do Mhícheál mar “Naomh Mícheál,” sin é an t-ainm a tugadh d’Íosa roimh agus tar éis dó a bheith ar an talamh. a Bhí aighneas idir Mícheál agus Sátan tar éis do Mhaois bás a fháil. Chabhraigh Mícheál le haingeal chun teachtaireacht Dé a thabhairt chuig an bhfáidh Dainéil freisin. (Dainéil 10:13, 21; Iúd 9) Ciallaíonn an t-ainm “Mícheál”—“Cé Atá Cosúil le Dia?”—d’fheil an t-ainm sin Mícheál mar rinne sé cosaint ar thiarnas Dé agus throid sé in aghaidh naimhde Dé.—Dainéil 12:1; Apacailipsis 12:7.
Smaoinigh ar an gcúis a bhfuil sé réasúnta a chreidiúint gurb é Íosa an tArdaingeal Mícheál.
Is é Mícheál an ‘tArdaingeal.’ (Iúd 9) Ciallaíonn an teideal “ardaingeal,” ‘ceannaire na n-aingeal’ agus tá sé ar fáil in dhá véarsa sa mBíobla. Sa dá chás, tá sé sa bhfoirm uatha, rud a thugann le tuiscint dúinn nach bhfuil an teideal seo ach ag aingeal amháin. Deir ceann de na véarsaí seo go dtiocfaidh Íosa atá aiséirithe, anuas ó neamh “nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil” dó. (1 Teasalónaigh 4:16) Tá “glór an ardaingil” ag Íosa mar gurbh eisean an t-ardaingeal Mícheál.
Tá Mícheál i gceannas ar aingil na bhflaitheas. ‘Throid Mícheál agus a chuid aingeal leis an dragan.’ (Apacailipsis 12:7) Tá údarás ag Mícheál i ndomhan na spiorad, mar tugtar “ceann de na príomhphrionsaí agus “an prionsa mór” air. (Dainéil 10:13, 21; 12:1) Dar leis an scoláire ar an Tiomna Nua David E. Aune, léiríonn na teidil seo gurb ‘ard cheannaire ar aingeal na bhflaitheas’ é Mícheál.
Ní luann an Bíobla ach ainm neach amháin eile a bhfuil údarás aige ar aingil na bhflaitheas. Cuireann sé síos ar an uair a “nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois . . . i gcaoráil tine ag agairt díoltais.” (2 Teasalónaigh 1:7, 8; Matha 16:27) Chuaigh Íosa “suas ar neamh agus . . . tá aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.” (1 Peadar 3:21, 22) Ní dhéanfadh sé ciall dá gcuirfeadh Dia Íosa agus Mícheál i gceannas ar aingil na bhflaitheas mar chéile comhraic. Luíonn sé le réasún go bhfuil an dá ainm, Íosa agus Mícheál, ag déanamh tagairt don duine céanna.
“Éireoidh Mícheál” in aimsir bhuartha. (Dainéil 12:1) I leabhar Dainéil, úsáidtear an téarma “éireoidh” go minic chun tagairt a dhéanamh do rí a éiríonn suas chun gníomh speisialta a dhéanamh. (Dainéil 11:2-4, 21) Gníomhóidh Íosa Chríost ar a dtugtar “Briathar Dé,” i ról speisialta mar “Rí na Ríthe” chun naimhde Dé ar fad a scriosadh agus pobal Dé a chosaint. (Apacailipsis 19:11-16) Déanfaidh sé é seo le linn tréimhse ama ar a dtugtar an “trioblóid mhór, . . . nach raibh a leithéid riamh ann ó thús an domhain.”—Matha 24:21, 42.
a Déanann an Bíobla tagairt do dhaoine eile a raibh níos mó ná ainm amháin orthu, daoine ar nós Iacób (ar a dtugtaí Iosrael) Peadar (ar a dtugtaí Síomón), agus Tadáias (ar a dtugtaí Iúdás).—Geineasas 49:1, 2; Matha 10:2, 3; Marcas 3:18; Gníomhartha 1:13.