CUID 6
Coinníonn Iób a Ionracas
Tugann Sátan dúshlán ionracais Iób os comhair Dé, ach fanann Iób dílis do Iehova
AN BHFANFADH aon duine dílis do Dhia dá dtiocfadh cruatan an tsaoil sa mhullach air agus nach bhfeicfí dó go raibh aon bhuntáiste maoine le fáil as a bheith dílis? Cuireadh an cheist sin—agus freagraíodh í—maidir le fear darbh ainm Iób.
Fad is a bhí na hIosraeilítigh fós san Éigipt, bhí Iób, fear gaoil le hAbrahám, ina chónaí san áit a bhfuil an Araib inniu. Idir an dá linn, chruinnigh aingil na bhflaitheas os comhair Dé agus bhí Sátan bradach istigh ina measc. Chuir Iehova in iúl, os comhair an tionóil ar neamh, a mhuinín as a shearbhónta dílis Iób. Dúirt Iehova nach raibh aon duine chomh hionraic le hIób. Ach chuir Sátan i leith Iób go raibh sé umhal do Dhia mar gur thug Dia beannacht agus cosaint dó. Mhaígh Sátan dá dtógfaí uaidh an méid a bhí aige, go gcuirfeadh Iób a mhallacht ar Dhia.
Thug Dia cead do Shátan a shaibhreas agus a pháistí a bhaint d’Iób ar dtús agus ansin a shláinte. Aineolach ar ról Shátan sna heachtraí seo ar fad, níor thuig Iób cén fáth ar cheadaigh Dia an cruachás seo. Mar sin féin, níor iompaigh Iób in aghaidh Dé.
Tháinig triúr cairde bréige chuig Iób. I sraith óráidí a thógann suas cuid mhaith de leabhar Iób, thriail na fir a chur ina luí air go raibh Dia ag cur pionóis air faoi pheacaí a bhí sé a cheilt. Mhaígh siad fiú nach bhfuil aon bhród ag Dia as a shearbhóntaí agus nach bhfuil aon mhuinín aige astú. Dhiúltaigh Iób dá réasúnaíocht lochtach. Go muiníneach, d’fhógair sé go mbeadh sé dílis go bás!
Ach is é an botún a rinne Iób ná gur chaith sé an iomarca dua ag iarraidh a chruthú gurbh é féin a bhí ceart. Bhí fear ní b’óige darbh ainm Eilíhiú ag éisteacht leis an díospóireacht ar fad agus labhair sé amach. Cheartaigh Eilíhiú Iób faoi nár thuig sé gur thábhachtaí go mór flaitheas Iehova Dia a chosaint ná cosaint a dhéanamh ar aon duine daonna. Chomh maith leis sin, cháin Eilíhiú cairde bréige Iób go láidir.
Labhair Iehova Dia le hIób ansin agus leasaigh sé a dhearcadh. Ag díriú a aird ar iontais an tsaoil, mhúin Iehova ceacht d’Iób faoi chomh fánach is atá an duine i gcomparáid le mórgacht Dé. Ghlac Iób go humhal leis an gceartúchán ó Dhia. Mar go bhfuil Iehova “lán de thaise agus de thrócaire” thug sé ar ais a shláinte d’Iób, dhúbail sé an saibhreas a bhí aige roimhe seo, agus bhronn sé deichniúr eile clainne air. (Séamas 5:11) Ós rud é gur fhan Iób dílis do Dhia d’ainneoin é bheith faoi bhrú mór, thug Iób freagra ar dhúshlán Shátain nach bhfanfadh aon duine umhal do Dhia dá dtagadh cruatan an tsaoil sa mhullach air.
—Bunaithe ar leabhar Iób.