Cuid 4 Súil Siar
Pléigh na ceisteanna seo a leanas le do mhúinteoir:
Léigh Seanfhocail 13:20.
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach do chairde a roghnú go ciallmhar?
(Féach Ceacht 48.)
Cén comhairle ón mBíobla a chabhróidh leat más . . .
fear céile nó bean chéile thú?
tuismitheoir nó leanbh thú?
Cén sórt cainte atá sásúil d’Iehova? Cén sórt cainte nach bhfuil sásúil d’Iehova?
(Féach Ceacht 51.)
Céard iad prionsabail ón mBíobla a chabhróidh leat roghanna maithe a dhéanamh maidir leis an mbealach a ngléasann tú?
(Féach Ceacht 52.)
Cén chaoi ar féidir leat siamsaíocht a roghnú atá sásúil d’Iehova?
(Féach Ceacht 53.)
Léigh Matha 24:45-47.
Cé hé “An Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar”?
(Féach Ceacht 54.)
Cén chaoi ar féidir leat tacú leis an bpobal le do chuid ama, fuinnimh agus maoin shaolta?
(Féach Ceacht 55.)
Léigh Salm 133:1; NWT.
Céard iad roinnt bealaí inar féidir leat cur le haontacht an Phobail Chríostaí?
(Féach Ceacht 56.)
Cén chaoi ar féidir linn cúnamh Iehova a fháil má dhéanann muid peaca tromchúiseach?
(Féach Ceacht 57.)
Léigh 1 Croinicí 28:9.
Cén chaoi ar féidir leat a thaispeáint go bhfuil tú “tiomanta go hiomlán” d’Iehova nuair a chuireann daoine eile i gcoinne an fhíoradhartha nó nuair a thugann siad droim lámha don fhírinne?
An gá duit aon athruithe a dhéanamh chun fanacht dílis d’Iehova agus fanacht glan ar reiligiún bréagach?
(Féach Ceacht 58.)
Chaoi ar féidir leat ullmhú do ghéarleanúint?
(Féach Ceacht 59.)
Céard atá beartaithe agat a dhéanamh chun leanúint ort ag déanamh dul chun cinn spioradálta?
(Féach Ceacht 60.)