CEACHT 49
Cén Chaoi Ar Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona?—Cuid 1
Bíonn lánúin nuaphósta dóchasach go mbeidh siad chomh sona ar feadh a saoil is a bhí siad lá a bpósta. Tá a fhios ag Críostaithe atá pósta le tamall fada má oibríonn siad go crua chun prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm gur féidir leo a bheith sona.
1. Cén chomhairle a thugann an Bíobla d’fhir chéile?
Cheap Iehova an fear céile mar cheann an teaghlaigh. (Léigh Eifisigh 5:23) Tá Iehova ag súil go ndéanfaidh sé cinntí a thiocfaidh chun tairbhe dá theaghlach. D’ordaigh an Bíobla d’fhir chéile: “Bíodh grá agaibhse do bhur mná.” (Eifisigh 5:25) Céard a chiallaíonn sé sin? Ciallaíonn sé go mbeadh fear céile cineálta lena bhean, sa mbaile agus nuair a bhíonn sé i gcomhluadar dhaoine eile. Cosnaíonn sé í ó chontúirtí agus déanann sé a dhícheall breathnú i ndiaidh a cuid riachtanais. (1 Tiomóid 5:8) Thar aon ní eile, bíonn sé ag faire amach dá cuid riachtanais spioradálta. (Matha 4:4) Mar shampla, is féidir leis guí agus an Bíobla a léamh in éineacht léi. Nuair a thugann fear céile aire ghrámhar dá bhean, cuireann sé seo lena chaidreamh le hIehova.—Léigh 1 Peadar 3:7.
2. Cén comhairle a thugann an Bíobla do mhná céile?
Deir Briathar Dé: “Tugadh an bhean ómós dá fear.” (Eifisigh 5:33) Cén chaoi a ndéanfaidh sí é sin? Is féidir léi smaoineamh ar dea-thréithe a fear céile agus na hiarrachtaí a dhéanann sé le haire a thabhairt di féin agus a bpáistí. Is féidir léi ómós a léiriú dó trí thacú leis sna cinntí a dhéanann sé agus labhairt go cineálta leis, fiú más neamhchreidmheach é.
3. Cén chaoi ar féidir le lánúin a bpósadh a neartú?
Seo mar a chuireann an Bíobla síos ar lánúin phósta: “Aon cholainn amháin a bheidh sa mbeirt acu.” (Matha 19:5) Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh siad a ndícheall a dhéanamh gan ligean d’aon rud a theacht eatarthu. Is féidir leo é seo a dhéanamh trí am a chaitheamh lena chéile go rialta agus a gcuid smaointe agus a gcuid mothúcháin a roinnt lena chéile go grámhar. Ní ligeann siad cead d’aon rud ná d’aon duine eile—cé is moite d’Iehova—a bheith níos tábhachtaí dóibh ná a gcéile. Tá siad cúramach gan caidreamh mí-oiriúnach a chothú le haon duine eile.
DÉAN TAIGHDE
Féach ar na prionsabail ón mBíobla a neartóidh do phósadh.
4. Fir chéile—gráigh do bhean chéile agus tabhair aire di
Deir an Bíobla go bhfuil sé “d’fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghránn siad a gcolainn féin.” (Eifisigh 5:28, 29) Céard a chiallaíonn sé seo? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
-
Céard iad na bealaí ar féidir le fear céile a léiriú go bhfuil grá aige dá bhean chéile agus gur mór aige í?
Léigh Colosaigh 3:12, ansin plé an cheist seo:
-
Cén chaoi ar féidir le fear céile na tréithe seo a léiriú ina phósadh?
5. Mná céile—bíodh grá agus ómós agat do d’fhear céile
Molann an Bíobla do bhean chéile ómós a léiriú dá fear bíodh sé ag adhradh Iehova nó ná bíodh. Léigh 1 Peadar 3:1, 2, ansin plé na ceisteanna seo:
-
Más neamhchreidmheach é d’fhear is cinnte gur mian leat go dtabharfaidh sé adhradh d’Iehova. Céard acu is éifeachtaí dar leat—a bheith de shíor ag craobhscaoileadh dó nó dea-thréithe agus ómós a léiriú dó? Cén fáth?
Is féidir le fir agus mná céile cinntí maithe a dhéanamh le chéile. Ach, d’fhéadfadh sé nach n-aontódh bean chéile lena fear céile i gcónaí. D’fhéadfadh sí é seo a chur in iúl dá fear céile 1 Peadar 3:3-5, ansin plé an cheist seo:
go hómósach agus go cineálta, ach caithfidh sí a aithint gur chuir Iehova an fhreagracht air cinntí a dhéanamh a thiocfaidh chun tairbhe don teaghlach. Ba cheart di a dícheall a dhéanamh chun tacú lena chinneadh. Má dhéanann sí é seo, cuirfidh sí le hatmaisféar sona an teaghlaigh. Léigh-
Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair a léiríonn bean chéile ómós dá fear céile?
6. Is féidir leat fadhbanna pósta a shárú
Níl aon phósadh foirfe. Mar sin, caithfidh lánúin oibriú lena chéile chun deacrachtaí a shárú. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.
-
Céard a léirigh go raibh an lánúin sa bhfíseán seo ag dul ina mbealach féin?
-
Céard a rinne siad lena bpósadh a neartú?
Léigh 1 Corantaigh 10:24 agus Colosaigh 3:13. Tar éis gach scrioptúir a léamh, plé an cheist seo:
-
Cén chaoi a neartaíonn an chomhairle seo an pósadh nuair a chuirtear i bhfeidhm í?
Deir an Bíobla gur chóir dúinn ómós a léiriú dá chéile. Léiríonn muid ómós do dhuine trína bheith cineálta agus ómósach leis. Léigh Rómhánaigh 12:10, ansin plé na ceisteanna seo:
-
Ar chóir do lánúin phósta fanacht go léireodh a gcéile ómós dóibh ar dtús? Cén fáth, nó cén fáth nár chóir?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl mé féin ná mo chéile chomh mór le chéile is a bhíodh muid.”
-
Cén chaoi a míneofá gur féidir leis an mBíobla cabhrú leo?
ACHOIMRE
Is féidir le lánúin phósta a bheith sásta nuair a léiríonn siad grá agus meas dá chéile, agus nuair a chuireann siad prionsabail an Bhíobla i bhfeidhm.
Súil Siar
-
Céard is féidir le fear céile a dhéanamh le pósadh sona a bheith aige?
-
Céard is féidir le bean chéile a dhéanamh le pósadh sona a bheith aici?
-
Má tá tú pósta, céard iad na prionsabail ón mBíobla a chabhróidh leat le do phósadh a neartú?
FIOSRAIGH
Foghlaim faoi mholtaí praiticiúla a chabhróidh leat saol sona a bheith agat mar theaghlach.
Féach ar fhíseán ceoil a léiríonn na beannachtaí atá ar fáil duit nuair a chuireann tú comhairle an Bhíobla i bhfeidhm i do phósadh.
Scrúdaigh gach atá i gceist le bheith umhal do cheannas ceann teaghlaigh.
“Women, Why Submit to Headship?” (The Watchtower, 15 Bealtaine, 2010)
Cén chaoi ar sháraigh lánúin amháin fadhbanna tromchúiseacha, a gcolscaradh féin ina measa?