CEACHT 31
Céard í Ríocht Dé?
Is í Ríocht Dé príomhthéama an Bhíobla. Úsáidfidh Iehova an Ríocht sin chun parthas a dhéanamh den talamh. Céard í an Ríocht? Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil sí ag rialú anois? Céard atá baint amach aici cheana féin? Agus céard a dhéanfaidh sí amach anseo? Pléifidh an ceacht seo agus an chéad dá cheacht eile na ceisteanna sin.
1. Céard í Ríocht Dé, agus cén Rí atá uirthi?
Is rialtas ó Dhia í Ríocht Dé. Tá Íosa mar Rí uirthi, ag rialú ó na flaithis. (Matha 4:17; Eoin 18:36) Deir an Bíobla faoi Íosa: “Beidh sé ina Rí . . . go brách.” (Lúcás 1:32, 33) Mar Rí ar Ríocht Dé, beidh an cine daonna ar fad faoi cheannas Íosa.
2. Cé a bheidh ag rialú le hÍosa?
Ní bheidh Íosa ag rialú ina aonar. Deir an Bíobla go mbeidh daoine as gach náisiún ag rialú leis: “Tháinig an t-anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.” (Apacailipsis 20:4, 6) Cé mhéad duine a bheidh ag rialú le Críost? Tá na milliúin lucht leanúna ag Íosa ón am a bhí sé ar an talamh. Ní bheidh ach 144,000 acu ag rialú leis sna flaithis. (Léigh Apacailipsis 14:1-4.) Is saoránaigh de chuid na Ríochta a bheidh sna Críostaithe eile a mhairfidh ar talamh.—Salm 37:29.
3. Cén fáth gur fearr Ríocht Dé ná aon rialtas daonna?
Fiú nuair atá sé de rún ag rialtóirí daonna rudaí maithe a dhéanamh, níl sé de chumhacht acu iad a dhéanamh. Sa deireadh tagann rialtóir eile ina n-áit, agus b’fhéidir nach ar son leasa na saoránaigh a bheidís. Ach ní thiocfaidh aon duine in áit rialtóir Ríocht Dé, Íosa Críost. Mar chuir Dia “ríocht ar bun nach scriosfar choíche.” (Dainéil 2:44) Beidh an domhan ar fad faoi cheannas Íosa, agus ní bheidh sé claonta. Tá sé grámhar, cineálta, agus cóir, agus múinfidh sé do dhaoine le déanamh amhlaidh.—Léigh Íseáia 11:9.
DÉAN TAIGHDE
Plé na cúiseanna gur fearr Ríocht Dé ná aon rialtas daonna.
4. Rialóidh rialtas cumhachtach an talamh ar fad
Tá níos mó údarás ag Íosa ná mar a bhí ag aon rialtóir riamh. Léigh Matha 28:18, agus plé an cheist:
-
Cén chaoi a bhfuil údarás Íosa níos fearr ná aon rialtóir daonna?
Athraíonn rialtais dhaonna go minic, agus ní rialaíonn siad ach dúiche ar leith. Céard faoi Ríocht Dé? Léigh Dainéil 7:14, agus plé na ceisteanna a leanann:
-
Cén fáth gur maith an rud é ‘nach scriosfar Ríocht Dé’?
-
Cén fáth gur maith an rud é go mbeidh sé ag rialú an domhain go léir?
5. Deireadh le rialtais dhaonna
Cén fáth a gcaithfidh Ríocht Dé a theacht in áit rialtais dhaonna? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
-
Céard atá againn de bharr rialtais dhaonna?
Léigh Cóheilit 8:9, ansin plé na ceisteanna a leanann:
-
An gceapann tú gur cheart go dtiocfaidh Ríocht Dé in áit rialtais dhaonna? Cén fáth?
6. Tuigeann rialtóirí Ríocht Dé muid
Tuigeann Íosa ár laigí de bhrí gur mhair sé ar an talamh. (Eabhraigh 4:15) Roghnaigh Iehova 144,000 duine dílis “as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine” chun rialú le hÍosa.—Apacailipsis 5:9.
-
An dtugann sé misneach duit go dtuigeann Íosa, agus a chomhrialtóirí, saol an duine daonna? Cén fáth?
7. Tá dlíthe Ríocht Dé níos fearr
Leagann rialtais síos dlíthe chun cosaint agus leasa a gcuid saoránaigh. Tá dlíthe freisin ag Ríocht Dé a chaithfear a leanúint. Léigh 1 Corantaigh 6:9-11, ansin plé na ceisteanna a leanann:
-
Cén chaoi a mbeidh an domhan nuair a leanann gach duine rialacha Dé maidir le hiompar? a
-
An gceapann tú go bhfuil sé réasúnach go mbeadh Iehova ag súil go mbeadh meas ag saoránaigh na Ríochta ar na rialacha seo? Cén fáth?
-
Céard a léiríonn go bhfuil daoine nach leanann na dlíthe seo in ann athrú?—Féach véarsa 11.
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Céard í Ríocht Dé?”
-
Cén chaoi a bhfreagrófá?
ACHOIMRE
Is rialtas sna flaithis í Ríocht Dé a bheidh ag rialú an domhain go léir.
Súil Siar
-
Cé hiad rialtóirí Ríocht Dé?
-
Cén chaoi a bhfuil Ríocht Dé níos fearr ná aon rialtas daonna?
-
Céard atá Iehova ag súil leis ó shaoránaigh na Ríochta?
FIOSRAIGH
Plé an méid a mhúin Íosa faoin áit a bhfuil an Ríocht lonnaithe.
Cén fáth a roghnaíonn Finnéithe Iehova a bheith dílis do Ríocht Dé seachas rialtais dhaonna?
Plé an méid a insíonn an Bíobla dúinn faoin 144,000 comhrialtóir a roghnaigh Iehova.
Céard a chuir ina luí ar bhean a bhí i bpríosún gur é Dia amháin atá in ann an domhan a chuir ina cheart?
“How I Found the Answer to Injustice” (Awake!, Samhain 2011)