Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 25

Céard é Cuspóir Dé Don Duine?

Céard é Cuspóir Dé Don Duine?

Deir an Bíobla go bhfuil ‘saol an duine gearr agus lán le mórchuid anró.’ (Iób 14:1) An é seo an sórt saoil is mian le Dia a bheith againn? Mura bé, cén cuspóir atá aige dúinn? An gcomhlíonfar go deo a chuspóir? Breathnóidh muid ar fhreagraí sásúla an Bhíobla.

1. Cén sórt saoil atá Iehova ag iarraidh dúinn?

Tá Iehova ag iarraidh go mbeidh an saol is fearr is féidir againn. Nuair a cruthaíodh an chéad lánúin, Ádhamh agus Éabha, chuir sé ina gcónaí i bparthas álainn iad, gairdín Éidin. Ansin “bheannaigh Dia iad á rá leo: ‘Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air.’” (Geineasas 1:28) Bhí sé ar intinn ag Iehova go mbeadh páistí acu, go ndéanfaidís parthas den domhan agus go dtabharfadh siad aire do na hainmhithe. Bhí sé i gceist aige go mbeadh gach duine i mbarr na sláinte agus go mairfidís go deo.

Cé nár oibrigh rudaí amach, a níor tháinig aon athrú ar chuspóir Dé. (Íseáia 46:10, 11) Tá sé fós ag iarraidh go mairfeadh daoine umhal go suaimhneach go deo.—Léigh Apacailipsis 21:3, 4.

2. Cén chaoi ar féidir linn saol fiúntach a bheith againn?

Chruthaigh Iehova muid le “riachtanas spioradálta,” sin í an chúis go bhfuil fonn orainn aithne a chur air agus é a adhradh. (Léigh Matha 4:4; 5:4-6.) Tá Sé ag iarraidh go mbeadh dlúthchairdeas againn leis, ‘siúl ina bhealaí go léir, agus grá agus seirbhís a thabhairt dó ónár gcroí go hiomlán.’ (Deotranaimí 10:12; Salm 25:14) Nuair a adhrann muid Iehova, is féidir linn a bheith sásta beag beann ar ár bhfadhbanna. Bíonn cuspóir agus brí lenár saol freisin.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim faoin ngrá as cuimse a léirigh Iehova agus é ag réiteach an domhain dúinn agus an méid a mhúineann an Bíobla faoi chuspóir Dé don duine.

3. Tá cuspóir iontach ag Iehova don duine

Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén fáth ar chruthaigh Dia ár bpláinéad álainn?

Léigh Cóheilit 3:11, ansin pléigh an cheist seo:

  • Céard a mhúineann sé seo duit faoi Iehova?

4. Níor athraigh cuspóir Iehova

Léigh Salm 37:11, 29 agus Íseáia 55:11, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nár athraigh cuspóir Iehova?

5. Beidh saol sásúil fiúntach againn má adhrann muid Iehova

Tá eolas ar chuspóir an tsaoil in ann muid a dhéanamh sona. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén leas a bhain Terumi as foghlaim faoi chuspóir an tsaoil?

Léigh Cóheilit 12:13, ansin pléigh an cheist seo:

  • Ós rud é go bhfuil an méid sin déanta ag Iehova ar ár son, cén chaoi ar féidir linn ár mbuíochas a chur in iúl?

D’FHÉADFAÍ AN CHEIST A CHUR: “Céard é cuspóir an tsaoil?”

  • Cén freagra a thabharfá?

ACHOIMRE

Tá Iehova ag iarraidh orainn maireachtáil go deo i bparthas anseo ar an talamh. Nuair a adhrann muid É ónár gcroí go hiomlán, bíonn saol fiúntach againn—fiú anois.

Súil Siar

  • Cén cuspóir a bhí ag Iehova d’Ádhamh agus d’Éabha?

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nár tháinig athrú ar chuspóir Dé don duine?

  • Cén chaoi ar féidir leat saol sásúil fiúntach a bheith agat?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach ar an bhfianaise a thugann le fios go raibh gairdín Éidin ann.

“The Garden of Eden—Myth or Fact?” (The Watchtower, 1 Eanáir, 2011)

Scrúdaigh an chúis ar féidir linn a bheith cinnte go mbeidh an domhan ann go deo.

“An Scriosfar an Domhan?” (Alt ar líne)

Scrúdaigh a bhfuil ráite sa mBíobla maidir le saol sásúil fiúntach a bheith agat.

“Cén Bhrí Atá Leis an Saol?” (Alt ar líne)

Féach mar a fuair fear amach faoin méid a bhí in easnamh ina shaol.

Now I Have a Life of Purpose (3:55)

a Gheobhaidh muid amach sa gcéad cheacht eile faoin méid a chuaigh mícheart.