Cuid 1 Súil Siar
Pléigh na ceisteanna seo a leanas le do mhúinteoir:
Céard a thaitníonn leatsa faoi na rudaí atá geallta sa mBíobla don todhchaí?
(Féach Ceacht 02.)
Cén fáth a gcreideann tú go bhfuil Briathar Dé ar fáil sa mBíobla?
Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach ainm Iehova a úsáid?
(Féach Ceacht 04.)
Deir an Bíobla gurb é Dia “foinse na beatha.” (Salm 36:10 [36:9 i mBíoblaí eile]) An gcreideann tú é sin?
(Féach Ceacht 06.)
Léigh Seanfhocail 3:32.
Cén fáth gurb é Iehova an cara is fearr is féidir a bheith againn?
Céard atá Iehova ag súil leis óna chairde? An gceapann tú go bhfuil sé sin réasúnta?
Léigh Salm 62:9. (62:8 i mBíoblaí eile)
Céard iad roinnt de na rudaí ar ghuigh tú chuig Iehova fúthu? Céard eile a d’fhéadfá a bheith ag guí faoi?
Cén chaoi a bhfreagraíonn Iehova paidreacha?
(Féach Ceacht 09.)
Léigh Eabhraigh 10:24, 25.
Cén chaoi ar féidir le cruinnithe Fhinnéithe Iehova dul chun tairbhe duitse?
An gceapann tú gur fiú an tairbhe an trioblóid?
(Féach Ceacht 10.)
Cén fáth go bhfuil sé go maith an Bíobla a léamh go rialta? Céard é do Sceideal Léitheoireacht Bíobla laethúil?
(Féach Ceacht 11.)
Céard é an rud is mó a thaitníonn leat faoi do staidéar ar an mBíobla go dtí seo?
An raibh dúshláin agat ó thosaigh tú ag staidéar an Bhíobla? Céard atá in ann cabhrú leat le leanúint ort ag staidéar?
(Féach Ceacht 12.)