CEACHT 07
Cén Sórt Neach é Iehova?
Céard a thagann chun cuimhne, nuair a smaoiníonn tú ar Iehova Dia? Ceapann daoine áirithe go bhfuil Dia éachtach, ach go bhfuil Sé i bhfad uathu, cosúil leis na réaltaí sa spéir. B’fhéidir go samhlaíonn tú go bhfuil Sé cumhachtach ach gan phearsantacht, cosúil le stoirm thoirní? Ach cén sórt neach é Iehova? Déanann an Bíobla cur síos ar thréithe Iehova agus ar an spéis atá aige ionat.
1. Cén fáth nach bhfuil muid in ann Dia a fheiceáil?
“Is Spiorad é Dia.” (Eoin 4:24) Níl colainn dhaonna ag Iehova. Is Spiorad é a chónaíonn ar neamh, áit nach féidir linn a fheiceáil.
2. Céard iad cuid de thréithe Iehova?
Cé nach féidir Iehova a fheiceáil, is pearsa spioraid é le tréithe a théann i gcion orthu siúd a bhfuil aithne acu air. Deir an Bíobla: “Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo.” (Salm 37:28) Chomh fada is a bhaineann sé le daoine atá ag fulaingt tá Iehova “lán de thaise agus de thrócaire.” (Séamas 5:11) “Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha [nó lucht an chroí bhriste] agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach [nó in ísle brí].” (Salm 34:19, [34:18 i mBíoblaí eile]) An raibh a fhios agat go mbíonn tionchar ag na rudaí a dhéanann muid ar Iehova? Nuair a roghnaíonn duine drochrudaí a dhéanamh cuireann sé brón agus díomá air. (Salm 78:40, 41) Ach an duine a dhéanann an rud ceart cuireann sé áthas ar a chroí.—Léigh Seanfhocail 27:11.
3. Cén chaoi a gcuireann Iehova a ghrá in iúl dúinn?
Is é an grá an tréith is suntasaí de dhea-thréithe Iehova. Mar, “is é Dia an Grá.” (1 Eoin 4:8) Ní hé amháin go bhfuil grá Dé le feiceáil go soiléir sa mBíobla sa gcaoi ar chaith Sé leis an duine ach tá sé le feiceáil freisin sna rudaí a chruthaigh Sé. (Léigh Gníomhartha 14:17.) Smaoinigh ar an gcaoi a ndearna sé an duine. Chuir sé ar ár gcumas dathanna áille a fheiceáil, ceol aoibhinn a chloisteáil, agus bia blasta a bhlaiseadh. Tá sé ag iarraidh orainn sásamh a bhaint as an saol.
DÉAN TAIGHDE
Faigh amach céard a úsáideann Iehova chun na rudaí iontacha seo go léir a dhéanamh. Ansin féach ar an mbealach a gcuireann Iehova a dhea-thréithe in iúl dúinn.
4. An Spiorad Naomh —fórsa gníomhach Dé
Díreach mar a úsáideann muid ár lámha chun obair a dhéanamh, úsáideann Iehova a spiorad naomh. De réir an Bhíobla ní pearsa é an spiorad naomh, ach is fórsa é a úsáideann Dia chun rudaí a dhéanamh. Léigh Lúcás 11:13 agus Gníomhartha 2:17, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:
-
“Doirtfidh” Dia a spiorad naomh orthu siúd a iarrann air é. Mar sin an gceapann tú gur pearsa é an spiorad naomh, nó an é fórsa gníomhach Dé é? Cén fáth a ndéarfá é sin?
Úsáideann Iehova a spiorad naomh chun rudaí iontacha a dhéanamh. Léigh Salm 33:6 agus 2 Peadar 1:20, 21, agus ansin pléigh an cheist seo:
-
Céard iad roinnt de na bealaí ar úsáid Iehova a spiorad naomh?
5. Tá pearsantacht tharraingteach ag Iehova
Bhí Maois dílis do Dhia, ach theastaigh uaidh aithne níos fearr a chur ar a Chruthaitheoir. Mar sin dúirt Maois le Dia: “nocht dom do bhealaí d’fhonn go dtuigfinn thú.” (Eaxodus 33:13) Mar fhreagra, nocht Iehova gnéithe áirithe dá phearsantacht do Mhaois. Léigh Eaxodus 34:4-6, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:
-
Cé na tréithe dá chuid a nocht Iehova do Mhaois?
-
Cé acu ceann de thréithe Iehova is mó a thaitníonn leatsa?
6. Tá suim ag Iehova i ndaoine
Bhí pobal Dé, na hEabhraigh, ina sclábhaithe san Éigipt. Cén tionchar a bhí ag a bhfulaingt ar Iehova? Seinn an TAIFEADADH agus éist leis, nó léigh Eaxodus 3:1-10. Ansin pléigh na ceisteanna a leanann.
-
Céard a insíonn an cuntas seo duit faoin gcaoi a mothaíonn Iehova faoi fhulaingt an duine?—Féach ar véarsaí 7 agus 8.
-
An gceapann tú go bhfuil Iehova ag iarraidh cabhrú le daoine agus an bhfuil sé in ann é sin a dhéanamh? An bhfuil, nó nach bhfuil?
7. Nochtann an domhan nádúrtha tréithe Iehova
Tá pearsantacht Iehova le feiceáil sna rudaí a chruthaigh sé. Seinn an FÍSEÁN. Ansin léigh Rómhánaigh 1:20, agus pléigh an cheist a leanann.
-
Cé na tréithe de chuid Iehova a fheiceann tú sna rudaí a rinne sé?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní pearsa é Dia, níl ann ach fórsa atá i ngach áit.”
-
Céard a cheapann tusa?
-
Cén fáth a gceapann tú é sin?
ACHOIMRE
Is Spiorad dofheicthe é Iehova le go leor tréithe tarraingteacha, go háirithe an grá.
Súil Siar
-
Cén fáth nach bhfuil muid in ann Iehova a fheiceáil?
-
Céard é an spiorad naomh?
-
Céard iad cuid de thréithe Iehova?
FIOSRAIGH
Faigh tuiscint níos fearr ar Iehova trí staidéar a dhéanamh ar cheithre cinn dá dhea-thréithe.
Scrúdaigh an fhianaise a thugann le fios nach bhfuil Iehova i ngach rud.
Féach an chúis a dtagraíonn an Bíobla don spiorad naomh mar lámha Dé.
Níor chreid fear dall go raibh suim ag Dia ann. Faigh amach faoin gcúis ar tháinig athrú intinn air.
“I Now Feel That I Can Help Others” (The Watchtower, 1 Deireadh Fómhair, 2015)