Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL 14

Bí Ionraic i nGach Ní

Bí Ionraic i nGach Ní

“Is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.”—EABHRAIGH 13:18.

1, 2. Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair a fheiceann sé muid ag déanamh ár ndícheall a bheith ionraic?

 FAIGHEANN buachaill sparán atá lán d’airgead ar an talamh agus é ag siúl abhaile ón scoil lá amháin. Céard a dhéanfaidh sé? D’fhéadfadh sé é a choinneáil. Ach, tugann sé an sparán ar ais don úinéir. Nuair a chloiseann máthair an bhuachalla faoin méid a rinne sé, bíonn sí an-bhródúil as.

2 Bíonn áthas ar thuismitheoirí nuair a bhíonn a gcuid páistí ionraic. Is é Iehova ‘Dia na fírinne,’ agus bíonn sé sásta nuair a bhíonn muidne ionraic. (Salm 31:6, 7 [31:5, 6 i mBíoblaí eile]) Is mian linn é a shásamh agus “sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.” (Eabhraigh 13:18) Déanfaidh muid plé ar cheithre ghné den saol ina bhféadfadh ionracas a bheith ina dhúshlán. Ansin breathnóidh muid ar chuid de na buntáistí a bhaineann le tabhairt faoi na dúshláin sin go misniúil.

BÍ IONRAIC

3-5. (a) Cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith ag cur an dallamullóg orainn féin? (b) Céard a chabhródh linn a bheith ionraic?

3 Chun a bheith ionraic le daoine eile, ní mór dúinn a bheith ionraic linn féin. Ní bhíonn sé seo éasca i gcónaí. Sa gcéad aois, cheap na bráithre i bpobal Láoidícéa go raibh Dia sásta leo, ach is ag cur an dallamullóg orthu féin a bhí siad. (Apacailipsis 3:17) D’fhéadfadh muidne a bheith ag déanamh an rud céanna.

4 Dúirt an deisceabal Séamas: “An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.” (Séamas 1:26) Mar sin, is ag cur an dallamullóg orainn féin a bheadh muid dá gceapfadh muid gur cuma le Dia é dá mbeadh muid mímhúinte, ag labhairt go searbhasach, nó ag bréagadóireacht, fad is go ndéanann muid rudaí maithe. Céard a chabhróidh linn an meon sin a sheachaint?

5 Nuair a fhéachann muid sa scáthán, feiceann muid cén chaoi a mbreathnaíonn muid ar an taobh amuigh. Nuair a léann muid an Bíobla, feiceann muid cé muid féin inár gcroí istigh. Cabhraíonn an Bíobla linn ár láidreachtaí agus ár laigí a aithint. (Léigh Séamas 1:23-25.) Ach mura nglacann muid leis go bhfuil lochtanna orainn, ní féidir linn na hathruithe cuí a dhéanamh. Mar sin, ní mór dúinn an Bíobla a úsáid chun scrúdú a dhéanamh orainn féin go hionraic. (Olagón 3:40; Hagaí 1:5) Gheobhaidh muid léargas níos fearr orainn féin freisin má ghuíonn muid chuig Iehova. Is féidir linn iarraidh ar Iehova muid a scrúdú agus cuidiú linn ár gcuid lochtanna a aithint ionas gur féidir linn iad a cheartú. (Salm 139:23, 24) Meabhraíonn an Bíobla dúinn gur “fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.”—Seanfhocail 3:32.

IONRACAS SA TEAGHLACH

6. Cén fáth ar chóir d’fhear agus do bhean chéile a bheith ionraic?

6 Tá ionracas riachtanach sa teaghlach. Nuair a bhíonn fear agus bean chéile ionraic lena chéile, mothaíonn siad sona sásta agus is féidir leo a bheith muiníneach as a chéile. Is iomaí bealach a bhféadfadh duine pósta a bheith mí-ionraic. Mar shampla, d’fhéadfadh sé a bheith ag radaireacht, ag breathnú ar phornagrafaíocht, nó ag cothú caidreamh rómánsach go rúnda le duine eile. Tabhair faoi deara an méid a deir an salmaire: “Ní bhím i bhfochair lucht éithigh ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.” (Salm 26:4) Má bhíonn tú mí-ionraic le do chéile pósta fiú i do chuid smaointe, déanfaidh sé dochar do do phósadh.

Diúltaigh go tapa d’aon rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do do phósadh

7, 8. Cén chaoi ar féidir leat an Bíobla a úsáid chun tábhacht an ionracais a mhúineadh do pháistí?

7 Ní mór do pháistí freisin foghlaim go bhfuil ionracas tábhachtach. Is féidir le tuismitheoirí an Bíobla a úsáid chun é seo a mhúineadh dóibh. Tá daoine luaite sa mBíobla a bhí ina ndrochshamplaí: Ba ghadaí é Ácán; d’inis Géichizí bréag chun airgead a fháil; agus ghoid Iúdás airgead agus bhraith sé Íosa ar 30 píosa d’airgead geal.—Iósua 6:17-19; 7:11-25; 2 Ríthe 5:14-16, 20-27; Matha 26:14, 15; Eoin 12:6.

8 Tá daoine luaite sa mBíobla freisin a bhí ina ndea-shamplaí: Chuir Iacób iallach ar a chlann mhac an t-airgead a fuair siad a thabhairt ar ais; choinnigh Iaftá agus a iníon an gealltanas a thug siad do Dhia; agus bhí Íosa ionraic fiú nuair nach raibh sé éasca aige. (Geineasas 43:12; Breithiúna 11: 30-40; Eoin 18:3-11) Is féidir leis na samplaí seo cabhrú le páistí luach an ionracais a thuiscint.

9. Cén chaoi a dtéann ionracas a dtuismitheoirí chun leasa dá bpáistí?

9 Is féidir le tuismitheoirí ceacht a fhoghlaim ón bprionsabal tábhachtach seo: “Tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid?” (Rómhánaigh 2:21) Cuirfidh muid mearbhall ar ár gcuid páistí má bhíonn muid ag rá leo a bheith ionraic agus gan muid féin a bheith ionraic. Má thugann páistí faoi deara go n-insíonn a dtuismitheoirí bréaga, fiú faoi rudaí beaga, seans maith go ndéanfaidh siad féin amhlaidh. (Léigh Lúcás 16:10.) Ar an láimh eile de, nuair a fheiceann páistí go bhfuil a dtuismitheoirí ionraic, cabhróidh sé leo a bheith ionraic nuair a bheidh clann orthu féin.—Seanfhocail 22:6; Eifisigh 6:4.

IONRACAS SA bPOBAL CRÍOSTAÍ

10. Cén chaoi ar féidir linn a bheith ionraic inár gcomhrá lenár mbráithre?

10 Ní mór dúinn a bheith ionraic freisin lenár mbráithre. Is féidir le comhrá soineanta iompú ina chúlchaint nó ina chlúmhilleadh fiú. Má bhíonn muid ag athrá rudaí agus gan a fhios againn an bhfuil siad fíor, d’fhéadfadh muid a bheith ag scaipeadh bréaga. Tá sé i bhfad níos fearr srian a choinneáil ar ár dteanga. (Seanfhocail 10:19) Ní chiallaíonn ionracas go gcaithfidh muid gach a gceapann muid, gach atá ar eolas againn, ná gach atá cloiste againn a insint. Fiú má tá an rud atá le rá againn fíor, b’fhéidir nach mbaineann sé linn, nó nach gá é a rá, nó nach mbeadh sé cineálta athrá a dhéanamh air. (1Teasalónaigh 4:11) Is é a deir daoine áirithe mar leithscéal nuair a bhíonn siad mímhúinte: “Níl mé ach ag insint na fírinne.” Ach mar phobal Iehova, ba mhaith linn go mbeadh an méid atá le rá againn suáilceach deisbhéalach i gcónaí.—Léigh Colosaigh 4:6.

11, 12. (a) Cén chaoi a bhféadfadh duine a bhfuil peaca tromchúiseach déanta aige a chás a dhéanamh níos measa? (b) Céard iad na ceisteanna a d’fhéadfadh muid a chur orainn féin? (c) Cén chaoi ar féidir linn a bheith ionraic le heagraíocht Iehova?

11 Chuir Iehova an fhreagracht ar na seanóirí cabhrú leis an bpobal. Bíonn sé níos éasca ag na seanóirí cuidiú linn nuair a bhíonn muid ionraic leo. Cén fáth? Dá mbeifeá tinn agus a dhul ag an dochtúir chun cabhair a fháil, an gceilfeá an fhírinne air faoin méid atá ag cur isteach ort? Dá ndéanfá, cén chaoi a bhféadfadh sé cabhrú leat? Ar an gcaoi chéanna, má dhéanann muid botún tromchúiseach níor cheart dúinn é a cheilt. Ina ionad sin, ba chóir dúinn dul chuig na seanóirí agus labhairt go hionraic leo faoi. (Salm 12:3 [12:2 i mBíoblaí eile]; Gníomhartha 5:1-11) Samhlaigh cás eile: Céard a dhéanfá dá bhfaighfeá amach go raibh botún tromchúiseach déanta ag do chara? (Léivític 5:1) An ndéarfá: “Más fíorchara mé, coinneoidh mé faoi rún é”? Ach, tá na seanóirí ann chun cabhrú leis a chaidreamh le hIehova a athnuachan agus a neartú.—Eabhraigh 13:17; Séamas 5:14, 15.

12 Ní mór dúinn a bheith ionraic freisin le heagraíocht Iehova nuair a thugann muid tuairisc faoinár gcraobhscaoileadh, nó faoi aon rud eile a dhéanann muid. Agus bíonn muid ionraic freisin nuair a dhéanann muid iarratas a bheith inár gceannródaithe nó chun aon chineál seirbhíse eile a dhéanamh.—Léigh Seanfhocail 6:16-19.

13. Cén chaoi ar féidir linn a bheith ionraic má dhéanann muid gnó le comhChríostaí?

13 Ní mór do Chríostaithe cúrsaí gnó agus adhradh Iehova a choinneáil scartha amach óna chéile. Mar shampla, ní dhéanann muid gnó agus muid ag an Ríocht-halla nó ag craobhscaoileadh. Agus ní bhíonn muid ag iarraidh a bheith ag baint buntáiste dár mbráithre i gcúrsaí gnó. Má bhíonn Finnéithe Iehova fostaithe agat, íoc in am iad, íoc leo an méid a gheall tú, agus tabhair dóibh na sochair atá dlite dóibh de réir dlí. D’fhéadfadh árachas leighis nó saoire le pá a bheith ina measc seo. (1 Tiomóid 5:18; Séamas 5:1-4) Agus má tá tú fostaithe ag duine d’Fhinnéithe Iehova, ná bí ag súil go gcaithfear go fabhrach leatsa thar aon duine eile. (Eifisigh 6:5-8) Bí cinnte go n-oibreoidh tú na huaireanta atá aontaithe agaibh agus go ndéanfaidh tú an obair a bhfuil tú ag fáil íocaíochta aisti.—2 Teasalónaigh 3:10.

14. Céard is cóir do Chríostaithe a dhéanamh sula dtéann siad i mbun gnó le chéile?

14 Céard faoi má théann muid i mbun gnó le duine dár mbráithre? D’fhéadfadh infheistíocht nó iasacht a bheith i gceist leis seo. Tá prionsabal praiticiúil sa mBíobla do chásanna mar seo: Cuir gach rud i scríbhinn! Nuair a cheannaigh an fáidh Irimia píosa talún rinne sé dhá chóip de cháipéis an cheannaithe, bhí finnéithe aige chun ceann acu a shíniú, agus chuir sé an dá cháipéis i dtaisce. (Irimia 32:9-12; féach freisin ar Geineasas 23:16-20.) Ceapann daoine go bhfuil siad ag léiriú mímhuinín ina mbráthair má éilíonn siad rud a chur i scríbhinn. Ach i ndáiríre, má chuirtear rud i scríbhinn, seachnaíonn sé míthuiscintí, díomá agus easaontas. Mar sin, coinnigh i gcuimhne go bhfuil síocháin an phobail Chríostaí níos tábhachtaí ná cúrsaí gnó.—1 Corantaigh 6:1-8; féach ar Aguisín 30.

BÍ IONRAIC LE CÁCH

15. Cén chaoi a mothaíonn Iehova faoi mhí-ionracas i gcúrsaí gnó?

15 Ní mór dúinn a bheith ionraic le gach duine, bídís ina bhFinnéithe ag Iehova nó ná bíodh. Is mór ag Iehova muid a bheith ionraic. “Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.” (Seanfhocail 11:1; 20:10, 23) In aimsir an Bhíobla, bhaintí úsáid as scálaí meáchain i gcúrsaí gnó. Ach bhíodh cuid de na díoltóirí ag caimiléireacht agus thugaidís níos lú dá gcustaiméirí ná mar a d’aontaigh siad leo, nó bhainidís níos mó airgid dóibh ná mar ba chóir dóibh. Ar an gcaoi chéanna sa lá atá inniu ann, tá mí-ionracas an-choitianta i gcúrsaí gnó. Tá an ghráin chéanna ag Iehova ar mhí-ionracas inniu is a bhí aige uirthi in aimsir an Bhíobla.

16, 17. Cén cineál mí-ionracas nach mór dúinn a sheachaint?

16 Bíonn amanna ann ina bhféadfadh muid go léir a bheith mí-ionraic—mar shampla, nuair a bhíonn muid ag déanamh iarratas ar phost, ag líonadh isteach foirmeacha rialtais, nó ag déanamh scrúduithe ar scoil. Creideann go leor daoine nach bhfuil dada mícheart le bheith ag bréagadóireacht, ag déanamh áibhéile, nó ag tabhairt eolais mhíchruinn. Ní chuireann sé seo iontas ar bith orainn. Thuar an Bíobla go mbeadh “daoine leithleasach, santach . . . agus gan grá acu don mhaith” sna laethanta deireanacha.—2 Tiomóid 3:1-5.

17 Bíonn an chosúlacht air uaireanta gur ar an té a bhíonn mí-ionraic a bhíonn an rath. (Salm 73:1-8) D’fhéadfadh sé go gcaillfeadh Críostaí a phost, nó airgead de bharr caimiléireacht dhaoine eile, nó go gcaithfí go dona leis ag an obair mar go bhfuil sé ionraic. Ach fós, is fiú a bheith ionraic. Cén fáth?

NA BEANNACHTAÍ A BHAINEANN LE hIONRACAS

18. Cén fáth a bhfuil dea-cháil luachmhar?

18 Is luachmhar an rud é cáil an ionracais a bheith ar dhuine, ach faraor, níl sé sin an-choitianta sa lá atá inniu ann. Tá an deis ag gach duine againn cáil den sórt sin a bhaint amach. (Míocá 7:2) Is fíor go mb’fhéidir go mbeadh daoine ag magadh fút agus ag tabhairt amadán ort mar go bhfuil tú ag iarraidh a bheith ionraic. Ach, beidh meas ag daoine eile ort de bhrí go bhfuil tú ionraic agus beidh muinín acu asat dá bharr. Tá cáil an ionracais ar Fhinnéithe Iehova ar fud an domhain. Is fearr le fostóirí áirithe Finnéithe Iehova a fhostú mar go bhfuil cáil an ionracais orthu. Is minic a coinníodh Finnéithe Iehova ina gcuid poist nuair a briseadh fostaithe eile as a gcuid poist de bharr mí-ionracais.

Is féidir linn glóir a thabhairt d’Iehova trí oibriú go crua

19. Cén tionchar a bheidh ag ionracas ar do chairdeas le hIehova?

19 Beidh coinsias glan agus suaimhneas intinne againn má bhíonn muid ionraic i ngach ní. Beidh muid in ann a rá mar a dúirt Pól: “Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn.” (Eabhraigh 13:18) Níos tábhachtaí fós, tabharfaidh ár nAthair grámhar, Iehova, suntas do na hiarrachtaí a dhéanann muid a bheith ionraic i ngach ní.—Léigh Salm 15:1, 2; Seanfhocail 22:1.