CUID 12
Cén Chaoi ar Féidir Leat Saol Sona Teaghlaigh a Bheith Agat?
Is é an grá bunchloch na dteaghlach sona. Eifisigh 5:33
De réir dlí Dé is idir fear amháin agus bean amháin a bheadh pósadh.
Bíonn fear céile grámhar, lách agus tuisceanach lena bhean.
Ba cheart do bhean chéile comhoibriú lena fear.
Ba cheart go mbeadh páistí umhal dá dtuismitheoirí.
Colosaigh 3:5, 8-10
Bí cineálta agus dílis, ná bí cruálach agus mídhílis.De réir an Bhíobla ba cheart don fhear céile an grá céanna atá aige dó féin a thabhairt dá bhean. Ba cheart don bhean chéile ómós a thaispeáint dá fear.
Tá caidreamh collaí taobh amuigh den phósadh in aghaidh dlí Dé. Caithfidh lánúin phósta a bheith dílis dá chéile.
Múineann briathar Iehova an chaoi ar féidir leat saol sona teaghlaigh a bheith agat.