Ceacht 1
Céard é An Dea-Scéala?
1. Céard é an scéal ó Dhia?
Is mian le Dia go mbainfeadh daoine taitneamh as an saol seo. Chruthaigh sé an domhan agus gach a bhfuil air mar go bhfuil grá aige don chine daonna. Go luath glacfaidh sé tiarnas chun todhchaí níos fearr a chur ar fáil do dhaoine ar fud an domhain. Tabharfaidh sé faoiseamh don chine daonna ó chúiseanna na fulaingthe.—Léigh Irimia 29:11.
Níor éirigh le haon rialtas riamh deireadh a chur le foréigean, le galar ná leis an mbás. Ach tá dea-scéala ann. Is gearr go gcuirfidh Dia a rialtas féin in áit rialtais dhaonna. Bainfidh a ghéillsinigh taitneamh as síocháin agus dea-shláinte.—Léigh Íseáia 25:8; 33:24; Dainéil 2:44.
2. Cén fáth a bhfuil an dea-scéala práinneach?
Ní thiocfaidh deireadh le fulaingt go dtí go nglanfaidh Dia na drochdhaoine de dhroim na talún. (Zafainiá 2:3) Cén uair a tharlóidh sé seo? Rinne Briathar Dé réamhinsint ar na cúinsí atá ag bagairt ar an gcine daonna san am i láthair. Léiríonn cúrsaí reatha go bhfuil Dia le gníomhú go luath.—Léigh 2 Tiomóid 3:1-5.
3. Céard is ceart dúinn a dhéanamh?
Ba cheart dúinn foghlaim faoi Dhia óna Bhriathar, an Bíobla. Tá an Bíobla cosúil le litir ó athair grámhar. Insíonn sé dúinn an chaoi le saol níos fearr a bheith againn anois agus le taitneamh a bhaint as saol síoraí ar an talamh sa todhchaí. B’fhéidir nach dtaitníonn sé le daoine go bhfuil tú ag fáil cúnamh leis an mBíobla a thuiscint, ach tá an deis le saol níos fearr a bheith agat rómhaith le scaoileadh tharat.—Léigh Seanfhocail 29:25; Apacailipsis 14:6, 7.