CEACHT 8
Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia
Bhí cathair darbh ainm Úr in aice le Báibil, ina mbíodh daoine ag adhradh déithe seachas Iehova. Ach bhí fear in Úr nach dtugadh adhradh ach d’Iehova amháin. Abrahám an t-ainm a bhí air.
Dúirt Iehova le hAbrahám: ‘Fág do bhaile agus do ghaolta, agus téigh go dtí an tír a thaispeánfaidh mé duit.’ Ansin gheall Dia: ‘Déanfaidh mé cine mór díot, agus déanfaidh mé go leor rudaí maithe do dhaoine ar fud an domhain go léir, mar gheall ortsa.’
Ní raibh a fhios ag Abrahám cá raibh a thriall, ach bhí muinín aige as Iehova. Bhí a bhean Sárá, a athair Tearach, agus a nia Lót ag dul in éineacht leis. Mar sin, bhailigh siad ar fad a gcuid rudaí le chéile agus thosaigh siad ar an turas fada.
an gealltanas sin a chomhlíonadh?
Bhí Abrahám 75 bliain d’aois nuair a shroich sé féin agus a chlann an tír a bhí geallta ag Iehova dó. Canán an t-ainm a bhí ar an tír sin. Labhair Dia le hAbrahám ansin agus gheall sé dó: ‘An talamh ar fad a fheiceann tú mórthimpeall ort, tá mé chun é a thabhairt do do chlann.’ Ach bhí Abrahám agus Sárá an-sean agus ní raibh aon chlann orthu. Mar sin cén chaoi a bhféadfadh Iehova“Trí chreideamh . . . thug [Abrahám] a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d’imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.”—Eabhraigh 11:8