CEACHT 87
Suipéar Deireanach Íosa
Dhéanadh na Giúdaigh ceiliúradh ar Cháisc na nGiúdach gach bliain ar an 14ú lá de mhí Níosán. Chuirfeadh sé seo i gcuimhne dóibh gur shaor Iehova ón sclábhaíocht san Éigipt iad agus gur thug sé go dtí an Tír Tairngire iad. Sa mbliain 33 CR, cheiliúr Íosa agus a chuid aspal Cáisc na nGiúdach i seomra in Iarúsailéim. Ag deireadh an bhéile dúirt Íosa: ‘Tá duine agaibh chun mé a bhrath.’ Baineadh geit as na haspail agus cheistigh siad Íosa: ‘Cé againn é?’ Dúirt Íosa: ‘An fear a dtabharfaidh mé an t-arán seo dó.’ Ansin thug sé an píosa aráin d’Iúdás Isceiriót. D’éirigh Iúdás agus d’fhág sé an seomra láithreach.
Dúirt Íosa paidir, ansin bhris sé an t-arán agus roinn sé ar an 11 aspal é. Dúirt sé: ‘Ithigí an t-arán seo. Seasann sé do mo chorp a thabharfaidh mé ar bhur son.’ Ansin thóg sé an fíon, ghuigh sé agus thug dá chuid aspal é. Dúirt sé: ‘Ólaigí an fíon seo. Seasann sé do mo chuid fola, atá le doirteadh ar son mórán chun peacaí a mhaitheamh. Geallaim daoibh go mbeidh sibh ag rialú mar ríthe liomsa sna flaithis. Déanaigí é seo gach bliain i gcuimhne ormsa.’ Go dtí an lá atá inniu ann, tá sé de nós ag lucht leanúna Íosa bás Íosa a chomóradh ar chothrom an lae sin gach bliain. Tugtar Suipéar an Tiarna ar an gceiliúradh seo.
Nuair a bhí an suipéar thart, thosaigh na haspail ag argóint eatarthu féin faoi cé acu ba thábhachtaí. Ach dúirt Íosa leo: ‘Is é an té atá sásta freastal a dhéanamh ar an gcuid eile agaibh, an té is tábhachtaí in bhur measc.
‘Is sibhse mo chairde. Gach ar chuala mé ó m’Athair, d’inis mé daoibh é. Is gearr go mbeidh mé ag dul go dtí m’Athair ar neamh. Beidh sibhse ag fanacht anseo, agus beidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile. Caithfidh sibh grá a bheith agaibh dá chéile díreach mar atá grá agamsa daoibhse.’
Ar deireadh, dúirt Íosa paidir inar iarr sé ar Iehova a chuid deisceabail a chosaint. D’iarr sé ar Iehova cabhrú leo oibriú le chéile go síochánta. Ghuigh sé go naomhófaí ainm Dé. Ansin chan Íosa agus a chuid deisceabail amhráin mholta d’Iehova agus chuaigh siad amach taobh amuigh. Ba ghearr go mbeadh Íosa á ghabháil.
“Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.”—Lúcás 12:32