CEACHT 67
Ballaí Iarúsailéim
Caithfidh muid súil siar cúpla bliain. B’Iosraeilíteach é Nihimiá, searbhónta de chuid Rí Artaxarxaes, a bhí ina chónaí i gcathair Shúsa sa bPeirs. Tháinig deartháir Nihimiá ó Iúdá agus drochscéal aige: ‘Tá na daoine a d’fhill ar Iarúsailéim i gcontúirt. Níor atógadh riamh na ballaí ná na geataí a scrios na Bablónaigh.’ Bhí Nihimiá trína chéile. Bhí sé ag iarraidh a dhul go hIarúsailéim le cúnamh a thabhairt, mar sin ghuigh sé go dtabharfadh an rí cead dó a dhul ann.
Níos déanaí, thug an rí faoi deara go raibh Nihimiá ag breathnú an-bhrónach. Dúirt sé: ‘Ní fhaca mé mar seo riamh thú. Cén imní atá ort?’ Dúirt Nihimiá: ‘Cén fáth nach mbeinn brónach nuair atá mo chathair, Iarúsailéim, ina fothrach?’ D’fhiafraigh an rí de: ‘Céard atá tú ag iarraidh orm a dhéanamh duit?’ Ghuigh Nihimiá ina chroí istigh. Ansin dúirt sé: ‘Lig dom dul go hIarúsailéim agus a ballaí a atógáil, más é do thoil é.’ Dúirt Rí Artaxarxaes le Nihimiá go bhféadfadh sé a dhul ann, agus rinne an rí cinnte go gcoinneofaí slán é ar an aistear fada. Chomh maith leis sin, cheap sé Nihimiá mar ghobharnóir ar Iúdá agus thug sé adhmad dó le haghaidh geataí na cathrach a thógáil.
Nuair a shroich Nihimiá Iarúsailéim scrúdaigh sé ballaí na cathrach. Ansin bhailigh sé le chéile na sagairt agus na rialtóirí agus dúirt sé leo: ‘Tá drochbhail ar na ballaí. Caithfidh muid caoi a chur orthu.’ D’aontaigh na daoine leis agus thosaigh siad ar atógáil na mballaí.
Ach bhí naimhde na nIosraeilíteach ag magadh fúthu ag rá: ‘Bheadh sionnach in ann an balla atá sibh a thógáil a leagan.’ Ach níor thug na hoibrithe aon aird ar na maslaí sin agus choinnigh siad orthu ag obair. Bhí an balla ag fáil níos airde agus níos láidre.
Bheartaigh a naimhde ionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim agus a theacht orthu gan choinne as gach treo. Nuair a chuala na Giúdaigh faoi seo, bhuail eagla iad. Ach dúirt Nihimiá leo: ‘Ná bíodh eagla oraibh. Tá Iehova linn.’ Chuir sé gardaí ag cosaint na n-oibrithe agus ní raibh a naimhde in ann iad a ionsaí.
Críochnaíodh na ballaí agus na geataí i 52 lá. Thug Nihimiá na Léivítigh go hIarúsailéim chun críochnú na mballaí a cheiliúradh. Rinne sé dhá ghrúpa amhránaithe díobh. Chuaigh siad suas an staighre a bhí le hais Gheata an Tobair agus ansin mháirseáil grúpa amháin acu soir an balla agus an grúpa eile acu siar an balla. Bhí siad ag baint ceoil as trumpaí, ciombail, agus cláirseacha agus ag canadh d’Iehova. Chuaigh Eazrá le grúpa amháin agus chuaigh Nihimiá leis an ngrúpa eile, go dtí gur chas siad ar a chéile ag an teampall. D’ofráil na fir, na mná, agus na páistí íobairtí d’Iehova agus iad ag ceiliúradh. Bhí a gceiliúradh glórach le cloisteáil i bhfad agus i ngearr.
“Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne.”—Íseáia 54:17