Ná bac leis seo

Go dtí an clár

SCÉAL 90

Leis an mBean ag an Tobar

Leis an mBean ag an Tobar

TÁ ÍOSA ag ligeann scíth le hais tobar sa tSamáir. Tá a dheisceabail imíthe isteach sa gcathair ag ceannacht bia. Deireann Iosa leis an mbean atá tagtha chun uisce a fháil: ‘Tabhair deoch dom.’

Cuireann sé seo íontas ar an mbean. Mar is Giúdach é Íosa, agus is Samárach ise. Agus ní maith le formhór na nGiúdach na Samáraigh. Ní labhróidh siad leo fiú! Ach tá grá ag Íosa do gach cineál duine. Mar sin deireann sé: ‘Dá mbeadh fhios agat cé bhí ag iarraidh deoch ort, d’iarrfása airsean agus thabharfadh sé uisce na beatha duit.’

‘Tá an tobar domhain,’ deireann an bhean, ‘agus níl buicéad agat fiú. Cá bhfaighfeá uisce seo na beatha?’

‘Má ólann tú uisce ón tobar seo tiocfaidh tart arís ort,’ deireann Íosa. ‘Ach is féidir leis an uisce a thabharfaidh mise cuir ar dhuine maireachtáil go deo.’

‘A dhuine uasail,’ deireann an bhean, ‘tabhair dom an t-uisce seo! Ansin ní bheidh tart orm go deo arís. Agus ní bheidh orm teacht anseo níos mó chun uisce a fháil.’

Tá an bhean ag ceapadh fur fíoruisce atá i gceist ag Íosa. Ach tá sé ag tagairt don fhírinne faoi Dhia agus a ríocht. Tá an fhírinne seo cosúil le uisce atá in ann beatha shíoraí a thabhairt do dhuine.

Deireann Íosa leis an mbean glaoch ar a fear céile agus teacht ar ais. ‘Níl aon fhear céile agam,’ freagraíonn sí. ‘Tá do fhreagra ceart,’ deireann Íosa. ‘Ach bhí cúigear fir céile agat, agus ní hé d’fhear céile an fear a bhfuil tú ag cónaí leis.’

Tá íontas ar an mbean mar tá sé seo ar fad fíor. Cén chaoi a raibh fhios ag Íosa na rudaí seo? Sea, mar gurb é Íosa an Té a Gealladh, agus tugann Dia an t-eolas seo dó. Ag an noiméad seo tagann deisceabail Íosa ar ais, agus tá íontas orthu é a fheiceáil ag caint le bean Samárach.

Céard a fhoghlaimíonn muid anseo? Bhuel, go bhfuil Íosa cineálta le daoine de gach cine. Agus go mba cheart dúinne a bheith amhlaidh freisin. Tá Íosa ag iarraidh go mbeadh fhios ag gach duine faoin bhfírinne a threoraíonn chun na beatha síoraí. Ba cheart go mbeadh fonn orainne freisin cabhrú le daoine an fhírinne a fhoghlaim.