SCÉAL 79
Dainéil Leisd na Leoin
Ó, Ó! Is cosúil go bhfuil Dainéil i gcruachás. Ach níl na leoin á ghortú! An bhfuil fhios agat cén fáth? Cé chuir Dainéil isteach anseo leis an méid sin leoin? Faighimis an freagra.
Dáire atá ina rí ar Bhaibealón anois. Tá an-chion aige ar Dhainéil mar tá Daniéil chomh cineálta, críonna sin. Roghnaíonn Dáire Dainéil mar dhuine de na príomh rialtóirí ina ríocht. Tá éad ar fhir eile sa ríocht dá bharr agus seo é a dhéanann siad.
Deireann siad le Dáire: ‘Ceapann muid, a rí, gur cheart duit dlí a dhéanamh ag rá nár cheart d’éinne guí chuig dia ná duine ach chugatsa amháin ar feadh 30 lá. Má briseann éinne an dlí is cóir é a chaitheamh isteach leis na leoin.’ Níl fhios ag Dáire cén fáth go dteastaíonn ó na fir an dlí seo a dhéanamh. Ach ceapann sé gur smaoineamh maith é, agus cuireann sé an dlí i scríbhinn. Anois ní féidir an dlí a athrú.
Nuair a chloiseann Dainéil faoin dlí seo, téann sé abhaile agus guíonn sé mar a rinne sé riamh. Bhí fhios ag na drochfhir nach stopfadh Dainéil ag guí chuig Iehobhah. Tá siad sásta anois, is cosúil go bhfuil ag éirí lena bplean chun fáil réidh leis.
Nuair a chloiseann Rí Dáire an chúis go raibh na fir ag iarraidh an dlí seo a dhéanamh, bíonn an-aiféal air. Ach ní féidir leis an dlí a athrú, agus tugann sé an t-ordú Dainéil a chaitheamh isteach in uaimh na leon. Ach deireann an rí leis: ‘Tá súil agam go sábhálfaidh do Dhia, ar a ndéanann tú freastal, thu.’
Tá Dáire chomh buartha sin nach bhfuil sé in ann codladh an oíche sin. Maidin lá arna mhárach ritheann sé go dtí uaimh na leon. Glaonn sé: ‘A Dhainéil, searbhónta an Dé bheo! An raibh an Dia ar a ndéanann tú freastal in ann tú a fhuascailt ó na leoin?’
’Sheol Dia a aingeal,’ freagraíonn Dainéil, agus dhún sé béil na leon sa gcaoi is nár ghortaigh siad mé.’
Tá an-áthas ar an rí. Ordaíonn sé Dainéil a ardú amach as an uaimh. Ansin caitheann sé na fir a bhí ag iarraidh fáil réidh le Dainéil, chuig na leoin. Fiú sula sroicheann siad íochtar na huaimhe briseann na leoin a gcnámha ar fad.
Ansin scríobhann Dáire chuig gach duine ina ríocht: ‘Ordaím go mbeadh meas ag gach duine ar Dhia Dhainéil. Déanann sé míorúiltí íontacha. D’fhuascail sé Dainéil ó na leoin.’