Ná bac leis seo

Go dtí an clár

SCÉAL 58

Dáibhí Agus Goliat

Dáibhí Agus Goliat

TÁ NA fi·lis’tínigh ag troid le hIosrael arís. Tá an triúr deartháir is sine ag Dáibhí in arm Shóil anois. Lá amháin deireann Ieise le Dáibhí: ‘Tóg roinnt gráin agus aráin go dtí do dheartháireacha. Fáigh amach cén chaoi bhfuil siad.’

Sroicheann Dáibhí campa an airm. Ritheann sé go dtí an líne catha ag lorg a dheartháireacha. Tagann an fathach Fi·lis’tíneach Goliat amach chun ceap magaidh a dhéanamh de na hIosraelítigh. Béiceann sé: ‘Roghnaigh duine de bhur gcuid fir chun mé achroid. Má bhuann sé agus mé a mharú, béidh muide mar sclábhaithe agaibh. Ach má bhuann mise agus eisean a mharú, béidh sibhse mar sclábhaithe againne. Tugaim bhur ndúshlán.

Fiafraíonn Dáibhí de na saighdiúirí: ‘Céard a gheobhaidh an fear a mharóidh an Fi·lis’tíneach seo agus a thógfaidh an náire d’Iosrael?’ ‘Tabhardaidh Sól saibhreas don fhear,’ deireann saighdiúr. ‘Agus tabharfaidh sé a iníon féin le pósadh dó.’

Ach tá eagla ar na hIosraelítigh ar fad roimh Gholiat. Tá sé ós cionn 9 dtroithe ar airde (timpeall 3 mhéadar), agus tá saighdiúr ag iompar a sciath dó.

Insíonn na saighdiúrí do Rí Sól go bhfuil fonn ar Dhéibhí Goliat a throid. Ach deireann Sól le Dáibhí: ‘Níl ionat ach buachaill ach is saighdiúr eisean óna óige.’ Freagraíonn Dáibhí: ‘Mharaigh mé béar agus leon a chroch leo caoire m’athar. Déanfad an rud céanna leis an bhFi·lis’tíneach seo. Cabhróidh Iehobhah liom.’ Deireann Sól: ‘Imigh agus go raibh Iehobhah leat.’

Cuireann Dáibhí cúig clocha sleamhna ina mhála. Ansin tógann sé a chrann tabhail agus téann sé chun castáil leis an bhfathach. Nuair a fheiceann Goliat é, níl sé in ann é a chreidiúint. Ceapann sé go mbéidh sé éasca Dáibhí a mharú.

‘Tabharfaidh mé do chorp le n-ithe do na héanacha,’ deireann Goliat. Ach deireann Dáibhí: ‘Tagann tusa chugamsa le claíomh, slea agus ga, ach tá mise ag dul chugatsa le ainm Iehobhah. Tabharfaidh Iehobhah isteach i mo láimh inniu thú agus buailfidh mé ár lár thú.’

Tógann Dáibhí cloch as a mhála agus cuireann ina chrann tabhail í. Caitheann sé í lena neart ar fad. Téann an chloch isteach díreach i gcloigeann Gholiat, agus titeann sé marbh! Béiceann na Fi·lis’tínigh go bhfuil a gcuradh titithe agus teitheann siad. Leanann na hIosraelítigh iad agus buann siad an cath.