Seanfhocail 17:1-28
17 Is fearr crústa tur agus síocháin,ná teach fleá agus ceannairc.
2 Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac;beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.
3 Don airgead an breogán, don ór an sorn;ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
4 Éisteann an t-urchóideach le béal mailíseach,agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.
5 Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht;an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.
6 Sliocht a sleachta coróin na sean;a n-athair glóir na clainne.
7 Ní oireann béal soilbhir don bhaoth,ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.
8 Buachloch breab dar le fear a bronnta;ritheann leis cibé slí a chasann sé.
9 An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá;ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.
10 Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach,ná mar a fhágann céad buille ar an amadán.
11 Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc,cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
12 B’fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileánná ar amadán i mbun a bhaoise.
13 An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith,ní dhíbreoidh sé an t-olc óna theach.
14 Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile;buail cos air dá bhrí sin sula n-adhntar an t-achrann.
15 An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh,is gráin leis an Tiarna iad araon.
16 Cén tairbhe airgead i láimh an amadáinle gaois a cheannach, agus é gan chiall?
17 Is cara cara i gcónaí,ach is d’uain na hainnise a shaolaítear deartháir.
18 An fear gan chiall tugann sé gillagus téann i mbannaí lena chomharsa.
19 An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí];fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.
20 Ní bhíonn sonas i ndán d’fhear an chroí chlaoin;titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
21 Cúis bhróin dá athair an baothán mic;níl lúcháir i ndán d’athair amadáin.
22 Oideas fónta an croí meidhreach;seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.
23 Glacann an t-urchóidí breab faoi scáth brait,leis an gcóir a chur dá treoir.
24 Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe,ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.
25 Ábhar dóláis dá athair mac baoth,agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.
26 Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan,ach is measa fós an t-uasal a bhualadh.
27 Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga;coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin.
28 Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta;nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste.