Salm 6:1-10
Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n-ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.
6 [6:2] A Thiarna, ná lochtaigh mé i d’fheargagus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.
2 [6:3] Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé;slánaigh mé, óir tá mo chorp á chiapadh,
3 [6:4] agus tá m’anam á chéasadh go géar,ach tusa, a Thiarna, cá fhad ...?
4 [6:5] Fill, a Thiarna, fuascail m’anamagus saor mé as ucht do bhuanghrá.
5 [6:6] Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh;cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?
6 [6:7] Tá tuirse orm de dheasca m’osnaíola,ním mo leaba le mo dheora gach oíche;fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.
7 [6:8] Tá mo shúil á snoí le dobrón:chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.
8 [6:9] Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide,óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.
9 [6:10] Thug an Tiarna aird ar m’achainí;tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.
10 [6:11] Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile.Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad.