Salm 50:1-23

Salm Ásáf. 50  Labhair an Tiarna – is é Dia na ndéithe é –agus ghair sé chuige an chruinne.  As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;  Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost.Gluaisfidh tine chraosach roimhe amachagus anfa gaoithe ina thimpeall.  Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamhgo dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:  “Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthaira cheangail mo chonradh le híobairt.”  Foilsíonn na flaithis a fhíréantachtóir is é Dia é féin is breitheamh.  “Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé,tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael;óir is mise is Dia ann – do Dhiasa.  Ní de bharr d’íobairtí a cháinim thú:bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.  Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theachná le pocaide gabhair de do thréada. 10  Óir is liom ainmhithe uile na coilleagus na mílte beithíoch ar mo shléibhte. 11  Is aithnid dom éanlaith an aeiragus is liom a ngluaiseann sa mhachaire. 12  Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é,óir is liom an domhan agus a bhfuil ann. 13  An dóigh leat go n-ithimse feoil tarbh?An measann tú go n-olaimse fuil gabhar? 14  Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhiadíol do mhóideanna leis an Té is Airde. 15  Glaoigh orm ansin in am na hanacra;saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.” 16  Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:“Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairtagus lán béil a dhéanamh de mo chonradh? 17  Ó tharla gur fuath leat mo dhlíagus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra? 18  Nuair a fheiceann tú gadaí téann tú i bpáirt leisagus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais. 19  Tugann tú do bhéal don olcagus cumann tú bréaga le do theanga. 20  Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit,tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin. 21  Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost?An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é?Táim do do cheartú agus do do chúisiú. 22  Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé;sula mbéarfainn oraibh is gan fear bhur dtarrthála ann; 23  an té a ghabhann buíochas mar íobairt,is é sin an té a thugann urraim dom;agus don té a mhaireann gan cháimtaispeánfaidh mé slánú Dé.”

Fonótaí