Salm 49:1-20
Do stiúrthóir an chóir. Salm chlann Chorach.
49 [49:2] Éistigí, a chiníocha go léir,tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne,
2 [49:3] íseal agus uasal in éineacht,saibhir agus daibhir le chéile.
3 [49:4] Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara;is lán mo chroí de thuiscint.
4 [49:5] Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal,sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.
5 [49:6] Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilcagus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall –
6 [49:7] dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreasagus a mhaíonn as méid a maoine?
7 [49:8] Ní thig le haon duine é féin a fhuascailtná éiric a anama a dhíol le Dia;
8 [49:9] is ródhaor aige éiric a anama.
9 [49:10] Ní thig leis síorbheatha a cheannachle súil nach bhfeice sé an uaigh.
10 [49:11] Feiceann sé an saoi agus an daoi ar láragus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.
11 [49:12] Tuamaí is dídean dóibh go brách,a n-árais chónaithe ó ghlúin go chéilecé go mbíodh a n-ainm in airde sa tír.
12 [49:13] Óir ní buan é séan an duine;is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.
13 [49:14] Slí na baothmhuiníne a slí siúd,críoch na droinge lenarb áil a maoin.Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe
14 [49:15] mar a ndéanfaidh an bás a n-aoireachtagus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad.Imeoidh a dtaibhse ar maidin;san uaigh a bheidh a n-áras acu feasta.
15 [49:16] Ach saorfaidh Dia m’anamsa ar ifreannan uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.
16 [49:17] Ná bíodh eagla ort má éiríonn duine saibhir;má mhéadaíonn ar mhaoin a theaghlaigh.
17 [49:18] Nuair a éagfaidh sé ní bhéarfaidh sé dada leis,ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leis.
18 [49:19] Cé gur bhreá leis a shaol fad a mhair sé –“maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht” –
19 [49:20] rachaidh sé i bhfochair a shinsearnach bhfeicfidh an solas go brách.
20 [49:21] Óir ní buan é séan an duine;is cosúil é leis na beithígh a théann ar ceal.