Salm 32:1-11
Mascail Dháiví.
32 Is méanar dár maitheadh a choir;dár folaíodh a pheaca;
2 an té nach gcuireann an Tiarnacion ina leith,’s nach bhfuil cealg ina chroí.
3 Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha;bhínn ag osnaíl gach lá,
4 Óir gach uile lá agus oícheba throm orm do lámh.Go deimhin, bhí mo neart á thrámar a bheadh le teas an tsamhraidh.
5 Ach cheana, d’admhaíos mo pheaca duitagus níor cheil mé m’urchóid.Dúirt mé: “Admhóidh mé anoismo choir don Tiarna.”Agus thug tú maithiúnas dom ansin:mhaith tú mo pheaca dom.
6 Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin,in am an éigin.Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móraní thiocfaidh siad i ngar dó.
7 Is tú m’áit fholaigh, a Thiarna,do m’fhuascailt ó m’anacair;cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.
8 Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh méan tslí is triallta duit.Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit;coimeádfaidh mé súil ort.
9 Ná bígí mar an each ná an mhiúil,gan chiall gan tuiscint.Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iadní thiocfaidh siad i do chóngar.
10 Is líonmhar iad dóláis na n-éagráifeach,ach tá trocaire agus gráag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna.
11 Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,a fhíréana uile.Déanaigí aoibhneas agus áthasa lucht an chroí dhírigh.