Salm 20:1-9
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
20 [20:2] Go n-éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh:go gcumhdaí ainm Dia Iacóib thú!
2 [20:3] Go gcuire sé cúnamh chugat ón sanctóiragus go dtuga sé taca duit as Síón.
3 [20:4] Go mba cuimhin leis d’ofrálacha go léir:go mba taitneamhach leis d’íobairtí uileloiscthe.
4 [20:5] Go dtuga sé mianta do chroí duit,go gcomhlíona sé do bhearta go léir.
5 [20:6] Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua,agus gairdeas in ainm ár nDé.Go ndeonaí an Tiarna d’achainíocha go léir duit.
6 [20:7] Is deimhin liom anois go bhfuil an buatugtha ag an Tiarna dá ungthach;go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofale gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.
7 [20:8] Bíonn dóchas droinge i gcarbaidagus dóchas droinge eile in eachra;cuirimidne, áfach, ár ndóchasin ainm an Tiarna, ár nDia.
8 [20:9] Treascrófar iad siúd agus titfidh siad;seasfaimidne an fód go daingean.
9 [20:10] Tabhair an bua don rí, a Thiarna,agus éist linn nuair a ghlaoimid ort.