Salm 13:1-6

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 13  [13:2] Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé?Cá fhad a choinneoidh tú d’aghaidh i bhfolach orm?  [13:3] Cá fhad a mhairfidh m’anam á bhuaireamhagus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae?Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé?  [13:4] Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom. Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm,  [13:5] sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm,sula ndéanfaidh m’eascairde lúcháir toisc gur thit mé.  [13:6a] Chuir mise mo dhóchas i do bhuanghrá daingean,beidh áthas ar mo chroí de bharr do shlánaithe,  [13:6b] agus molfaidh mé an Tiarna, mar go raibh sé fial liom.

Fonótaí