Salm 127:1-5

Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 127  Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail,is saothar amú é do lucht a thógála.Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint,is díomhaoin don gharda bheith á faire.  Is díomhaoin daoibh éirí roimh an solas,agus bheith ag airneán go déanach,sibhse a itheann arán an tsaothair;óir is fial le pobal a pháirte é agus iad ina gcodladh.  Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann;is tuarastal é toradh na broinne.  Mar shaigheada i láimh an ghaiscígh,is mar sin do chlann na hóige.  Is aoibhinn go deimhin don fhear,a líon a thruaill leis na saigheada sin,óir ní bhfaighidh an té sin náire,agus é ag aighneas lena naimhde sa gheata.

Fonótaí