Rómhánaigh 7:1-25

7  Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre—ag caint atáim le daoine atá eolach ar chúrsaí dlí—nach mbíonn duine faoi smacht an dlí ach fad is beo dó.  An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir.  Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.  Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.  Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn á gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás.  Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa.  Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí “ná santaigh.”  Ach rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne sin d’oibrigh gach cineál saint ionam; mar in éagmais an dlí bíonn an peaca gan bhrí.  Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca 10  agus fuair mise bás. An aithne úd a ceapadh le bheith ina cúis bheatha dom is ina cúis bháis a bhí sí, 11  mar gur rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne mheall agus mharaigh sé mé tríthi. 12  Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith. 13  An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta. 14  Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táimse collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca. 15  Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam. 16  Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta. 17  Go deimhin féin ní mise a chuireann an beart i gcrích feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. 18  Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích. 19  An mhaith is áil liom ní dhéanaim í, ach an t-olc nach áil liom is é a dhéanaim. 20  Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim ní mise a chuireann i gcrích é feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam. 21  Aithním mar sin an prionsabal seo a bheith ann: nuair is áil liom an mhaith a dhéanamh is é an t-olc a bhíonn i mo ghaobhar. 22  Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh 23  ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i m’aigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill. 24  Ó nach mise an díol trua! Cé a fhuasclóidh ón trú seo coirp mé? 25  A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le m’aigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn.

Fonótaí