Rómhánaigh 10:1-21

10  Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad.  Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.  Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d’fhíréantacht Dé.  Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.  Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a choimhlíonann í, mairfidh sé inti.”  Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas);  nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh).  Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).  Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú. 10  Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. 11  Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” 12  Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, 13  “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.” 14  Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa té nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh? 15  Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.” 16  Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?” 17  Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin. 18  Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.” 19  Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois: “Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobalagus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.” 20  Agus téann Íseáia chomh fada lena rá:“An mhuintir nach raibh do mo lorg,is iad a fuair mé.Agus an mhuintir nach raibh do m’fhiafraí,is dóibh a d’fhoilsigh mé mé féin.” 21  Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”

Fonótaí