Gníomhartha 14:1-28

14  Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.  Na Giúdaigh nár ghlac an creideamh, áfach, ghríosaigh siad na págánaigh agus chlaon siad a n-aigne i gcoinne na mbráithre.  Mar sin féin thug siad tamall maith ann agus iad ag labhairt le lánmhuinín as an Tiarna, agus dheimhnigh seisean scéal a ghrásta leis na héachtaí agus na míorúiltí a dheonaigh sé dóibh a dhéanamh.  Bhí pobal na cathrach deighilte ina dhá chuid: cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh agus cuid eile ag taobhú leis na haspail.  Ach nuair a chuir na Giúdaigh agus na págánaigh, mar aon lena lucht ceannais, chun easmailt a thabhairt dóibh agus iad a chlochadh,  fuair siad sin eolas air agus theith siad go dtí bailte Lucaóine, go dtí Liostra agus Deirbé agus na críocha máguaird,  mar ar lean siad leo ag fogairt an dea-scéil.  Bhí ina shuí i Liostra fear a bhí gan lúth na gcos: bhí sé ina mhairtíneach ó bhroinn a mháthar agus níor shiúil sé riamh.  Bhí an fear seo ag éisteacht le Pól ag caint, agus nuair a d’fhéach Pól idir an dá shúil air chonaic sé go raibh creideamh a leighiste aige, 10  agus dúirt sé de ghuth ard: “Éirigh i do sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus thosaigh ag siúl. 11  Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, d’ardaigh siad a nglór, á rá i dteanga na Lucaóine: “Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.” 12  Thug siad Séas ar Bharnabas, agus toisc gurbh é Pól an príomhchainteoir thug siad Heirméas airsean. 13  Agus sagart Shéas, a bhfuil a theampall lasmuigh den bhaile, thug sé féin agus an pobal tairbh agus bláthfhleasca go dtí na geataí d’fhonn íobairt a dhéanamh. 14  Nuair a d’airigh na haspail, Pól agus Barnabas, é, stróic siad a gcuid éadaigh agus rith siad amach faoi dhéin an tslua agus iad ag liúireach: 15  “A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu. 16  Sna glúinte atá thart lig Dia do na ciníocha a mbealach féin a ghabháil, 17  ach níor fhág sé riamh iad gan fhianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus d’áthas.” 18  Ainneoin na cainte sin, ar éigean a d’éirigh leo na sluaite a chosc ar an íobairt a dhéanamh dóibh. 19  Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocoiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad á cheapadh go raibh sé marbh. 20  Ach nuair a tháinig na deisceabail ina thimpeall, d’éirigh sé ina sheasamh agus chuaigh ar ais isteach sa chathair. An lá dár gcionn d’imigh sé féin agus Barnabas leo go Deirbé. 21  Tar éis dóibh an dea-scéal a fhógairt sa bhaile sin agus mórán deisceabal a dhéanamh, d’fhill siad arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocoiniam agus Aintíoch, 22  ag cur misnigh ar na deisceabail agus á spreagadh chun bheith dílis don chreideamh, “mar,” ar siad, “ní foláir dúinn mórán a fhulaingt chun dul isteach i ríocht Dé.” 23  Thogh siad seanóirí dóibh ar gach Eaglais acu agus tar éis urnaithe agus troscadh a dhéanamh chuir siad iad faoi choimirce an Tiarna ina raibh a gcreideamh. 24  Shiúil siad an Phisíde ar fad nó gur tháinig siad go Paimfile; 25  agus tar éis dóibh an briathar a chraobhscaoileadh i bPeirgé chuaigh siad síos go hAtailia 26  agus as sin ar bord loinge go hAintíoch—an áit ar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois curtha i gcrích acu. 27  Ar theacht dóibh, thionóil siad an Eaglais le chéile, agus d’eachtraigh dóibh a raibh déanta ag Dia i gcomhar leo agus mar a d’oscail sé doras an chreidimh do na págánaigh. 28  Thug siad tamall fada ansiúd i bhfochair na ndeisceabal.

Fonótaí