Íseáia 6:1-13
6 An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:
2 bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d’eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.
3 Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:
“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua.Tá an talamh lán dá ghlóir.”
4 Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.
5 Arsa mise:
Is mairg dom, tá mé caillte,óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlanagus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
6 Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.
7 Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:
“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,tá do pheaca scriosta,tá d’urchóid clúdaithe.”
8 Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá:
“Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”
D’fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”
9 Dúirt sé liom:
“Imigh agus abair leis an bpobal seo:‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint,breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
10 Déan croí an phobail seo trom,déan a gcluasa bodhar,dall a gcuid súl,ar eagla go bhfeicfeadh a súile,go gcloisfeadh a gcluasa,go dtuigfeadh a gcroí,go n-iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’”
11 Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D’fhreagair sé mé:
“Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad,na tithe gan duine daonna,an tuath tréigthe,
12 agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as.Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,
13 agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán,is é an scrios atá i ndán dóibh freisin,ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán.Síol naofa is ea an grágán sin.”