CEACHT 20
An Bealach a Bhfuil an Pobal Críostaí Eagraithe
Déanann Iehova gach rud go cuí agus de réir oird. (1 Corantaigh 14:33, 40) Mar sin bheadh muid ag súil go mbeadh pobal Iehova eagraithe. Cén chaoi a bhfuil an pobal Críostaí eagraithe? Cén chaoi ar féidir linn cur lena rathúlacht?
1. Cé atá i gceannas ar an bpobal Críostaí?
Tá “Críost ina cheann” ar an bpobal Críostaí. (Eifisigh 5:23) Déanann sé maoirsiú ó neamh ar ghníomhaíochtaí phobal Iehova ar fud an domhain. Cheap Íosa “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar”—grúpa beag seanóirí aibí ar a dtugtar an Bord Stiúrtha freisin. (Léigh Matha 24:45-47.) Cosúil le Críostaithe na chéad aoise in Iarúsailéim, tugann an Bord Stiúrtha treoir don phobal Críostaí domhanda. (Gníomhartha 15:2) Ach ní hiad na fir seo ceannairí ár n-eagraíocht. Bíonn siad ag brath ar Iehova, ar a Bhriathar, agus ar cheann an phobail, Íosa, chun iad a threorú.
2. Cén ról atá ag na seanóirí?
Is Críostaí aibí iad na seanóirí a mhúineann na Scrioptúir agus a dhéanann aoireacht ar phobal Iehova trí chabhair agus spreagadh a thabhairt dóibh. Ní íoctar as a gcuid oibre iad. Tugann na seanóirí aire do riachtanais spioradálta an phobail “le fonn . . . [ní] le dúil tháir san airgead ach le dúthracht.” (1 Peadar 5:1, 2) Faigheann seanóirí cúnamh ó chúntóirí agus in am tráth, is féidir leosan freisin cáiliú chun freastal mar sheanóirí.
Ceapann an Bord Stiúrtha roinnt seanóirí le bheith ina bhfeighlithe ceantar. Tugann siad cuairt ar phobail éagsúla chun treoir agus spreagadh a thabhairt dóibh. Ceapann siad seanóirí agus cúntóirí, a bhfuil cáilíochtaí spioradálta comhlíonta acu.—1 Tiomóid 3:1-10, 12; Títeas 1:5-9.
3. Cén fhreagracht atá ar gach Finné?
Molann an pobal go léir “ainm an Tiarna [Iehova]” trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe an phobail agus trí bheith páirteach sa mhinistreacht de réir a gcumais. Léigh Salm 148:12, 13.
DÉAN TAIGHDE
Foghlaim faoinár gceannaire Íosa, faoin mbealach a ndéanann seanóirí iarracht aithris a dhéanamh air, agus faoin gcaoi ar féidir linn comhoibriú leo araon.
4. Is ceannaire cineálta é Íosa
Tugann Íosa cuireadh tarraingteach dúinn. Léigh Matha 11:28-30, ansin pléigh an cheist seo:
-
Cén chaoi a bhfuil Íosa ag iarraidh go mothóidh muid faoina cheannaireacht?
Cén chaoi a ndéanann seanóirí aithris ar Íosa? Seinn an FÍSEÁN.
Tugann an Bíobla treoir do sheanóirí lena gcuid oibre a dhéanamh.
Léigh Íseáia 32:2 agus 1 Peadar 5:1-3, ansin pléigh na ceisteanna seo:
-
Cén chaoi a mothaíonn tú faoin iarracht a dhéanann seanóirí daoine a spreagadh, mar a rinne Íosa?
-
Cé na bealaí eile a ndéanann na seanóirí aithris ar Íosa?
5. Leanann seanóirí sampla Íosa
Cén dearcadh atá Íosa ag iarraidh a bheith ag seanóirí ar a ndualgas? Seinn an FÍSEÁN.
Leag Íosa síos an caighdeán dóibh siúd atá i bhfeighil an phobail. Léigh Matha 23:8-12, ansin pléigh an cheist seo:
-
Cén tionchar a bhí ag an difríocht atá idir caighdeáin an Bhíobla do sheanóirí agus caighdeáin na gceannairí reiligiúnacha ort?
-
Neartaíonn seanóirí iad féin agus a gcuid teaghlaigh go spioradálta
-
Tugann seanóirí aire do gach duine sa bpobal
-
Bíonn seanóirí ag craobhscaoileadh go rialta
-
Is múinteoirí iad na seanóirí. Glanann siad suas agus déanann siad rudaí eile freisin
6. Is féidir linn comhoibriú leis na seanóirí
Dár leis an mBíobla tá cúis mhaith againn le comhoibriú leis na seanóirí. Léigh Eabhraigh 13:17, ansin pléigh na ceisteanna seo:
-
An bhfuil sé réasúnta go ndeir an Bíobla linn a bheith umhal agus comhoibriú le treoir na seanóirí? Céard a cheapfá?
Léigh Lúcás 16:10, ansin pléigh an cheist seo:
-
Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach comhoibriú leis na seanóirí fiú má cheapann muid nach bhfuil ann ach rud fánach?
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní gá go mbeadh baint agat le reiligiún eagraithe.”
-
Cén fáth a gceapann tú go mbeadh sé go maith do dhuine a bheith ag adhradh Dé mar chuid de phobal?
ACHOIMRE
Is é Íosa ceann an phobail. Comhoibríonn muid go fonnmhar leis na seanóirí atá ag freastal faoina stiúir mar spreagann siad agus múineann siad muid trína sampla.
Súil Siar
-
Cé hé ceann an phobail Chríostaí?
-
Cén ról atá ag na seanóirí sa bpobal?
-
Cén ról atá ag gach duine d’adhraitheoirí Iehova?
FIOSRAIGH
Féach fianaise ar an aire airdeallach a thugann an Bord Stiúrtha agus na seanóirí eile do Chríostaithe inniu.
Foghlaim faoin obair a dhéanann feighlithe ceantar.
Léigh faoi ról na mban sa bpobal.
“Do Jehovah’s Witnesses Have Women Ministers?” (The Watchtower, 1 Meán Fómhair, 2012)
Faigh amach faoin gcaoi a n-oibríonn seanóirí chun a gcomhChríostaithe a spreagadh.
“Christian Elders—‘Fellow Workers for Our Joy’” (The Watchtower, 15 Eanáir, 2013)