Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 17

Cén Sórt Neach é Íosa?

Cén Sórt Neach é Íosa?

Agus muid ag foghlaim faoi na rudaí a dúirt agus a rinne Íosa ar an talamh, cuireann a thréithe fonn orainn teannadh isteach leis féin agus lena Athair, Iehova. Céard iad cuid de na tréithe sin? Cén chaoi ar féidir linn aithris a dhéanamh ar Íosa?

1. Cén chaoi a bhfuil Íosa cosúil lena Athair?

Chónaigh Íosa ar neamh lena Athair grámhar, ag foghlaim uaidh ar feadh na billiúin bliain. Mar thoradh ar sin, déanann Íosa an rud ceannann céanna agus a dhéanfadh a Athair. (Léigh Eoin 5:19.) Go deimhin, tá Íosa agus a Athair chomh cosúil sin lena chéile go ndúirt sé: “An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.” (Eoin 14:9) De réir mar a fhoghlaimíonn tú faoi Íosa, cuirfidh tú aithne níos fearr ar Iehova. Mar shampla, léiríonn an suim a bhí ag Íosa i ndaoine an bealach a mothaíonn Iehova fútsa.

2. An bhfuil grá ag Íosa d’Iehova?

Dúirt Íosa: “Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a d’ordaigh an tAthair dom.” (Eoin 14:31) Le linn dó a bheith ar an talamh, léirigh Íosa a ghrá dá Athair trína thoil a dhéanamh fiú nuair nach raibh sé éasca. Ba bhreá le hÍosa a bheith ag caint faoina Athair agus ag cabhrú le daoine cairdeas a chothú Leis.—Eoin 14:23.

3. An bhfuil grá ag Íosa do dhaoine?

Deir an Bíobla go bhfuil grá as cuimse ag Íosa don chine daonna. Léirigh sé a ghrá do dhaoine trí spreagadh agus cúnamh a thabhairt dóibh. Rinne sé míorúiltí a léirigh a chumhacht agus a thrócaire. (Marcas 1:40-42) Chaith sé go cineálta agus go neamhchlaonta le gach duine. Thug gach a ndúirt sé sólás agus dóchas do gach duine macánta a d’éist. Bhí Íosa sásta fulaingt agus bás a fháil mar gheall ar a ghrá don chine daonna. Is cinnte go bhfuil sé mór leo siúd a leanann a theagasc.—Léigh Eoin 15:13, 14.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim tuilleadh faoi phearsantacht Íosa. Déan machnamh ar an mbealach le grá agus flaithiúlacht a thaispeáint mar a rinne sé.

4. Tá grá ag Íosa dá Athair

Léiríonn Íosa dúinn an bealach lenár ngrá a chur in iúl do Dhia. Léigh Lúcás 6:12 agus Eoin 15:10; 17:26, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén chaoi ar féidir linn ár ngrá d’Iehova a chur in iúl mar a rinne Íosa?

Bhí grá ag Íosa dá Athair neamhaí agus labhair sé leis go minic i bpaidir

5. Bhí trua ag Íosa do dhaoine

Thug Íosa tús áite do riachtanais dhaoine eile. Fiú nuair a bhí sé tuirseach, d’úsáid sé a chuid ama agus a chuid fuinnimh chun cabhrú leo. Léigh Marcas 6:30-44, ansin pléigh na ceisteanna a leanann:

  • Cén chaoi ar léirigh Íosa suim i ndaoine eile?—Féach véarsaí 31, 3441, agus 42.

  • Céard a spreag Íosa chun cabhrú le daoine?—Féach véarsa 34.

  • Céard a fhoghlaimíonn muid faoi Iehova ó phearsantacht Íosa?

  • Cé na bealaí inar féidir linn aithris a dhéanamh ar an suim a léirigh Íosa i ndaoine?

6. Tá Íosa flaithiúil

Cé nach raibh mórán ag Íosa, roinn sé a raibh aige le daoine eile, agus mhol sé dúinn a bheith flaithiúil freisin. Léigh Gníomhartha 20:35, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén chaoi ar féidir linn a bheith sásta, dar le hÍosa?

Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Céard iad na bealaí ar féidir linn a bheith flaithiúil, fiú mura bhfuil mórán againn?

An raibh a fhios agat?

Deir an Bíobla gur chóir dúinn guí in ainm Íosa. (Léigh Eoin 16:23, 24.) Nuair a dhéanann muid é seo cuireann muid ár mbuíochas in iúl as a bhfuil déanta ag Íosa chun cabhrú linn a bheith inár gcairde ag Iehova.

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is cuma le Dia faoinár bhfulaingt.”

  • Ós rud é go bhfuil Íosa agus a Athair cosúil lena chéile, cén chaoi a léiríonn gach a ndearna Íosa go bhfuil suim ag Iehova ionainn?

ACHOIMRE

Tá grá ag Íosa d’Iehova, agus do dhaoine. De bhrí go bhfuil Íosa cosúil lena Athair, ós mó aithne a chuireann tú ar Íosa, is ea is mó aithne a chuirfidh tú ar Iehova.

Súil Siar

  • Cén chaoi ar féidir linn ár ngrá d’Iehova a léiriú, mar a rinne Íosa?

  • Cén chaoi ar féidir linn ár ngrá do dhaoine a léiriú, mar a rinne Íosa?

  • Céard é an tréith is fearr leat faoi phearsantacht Íosa?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach ar chuid de thréithe Íosa ar féidir linn aithris a dhéanamh orthu.

“To Imitate Jesus, Be . . .” (Jesus—The Way, the Truth, the Life, leathanach 317)

Scrúdaigh an ról tábhachtach atá ag Íosa i bpaidreacha.

Why Pray in Jesus’ Name?” (The Watchtower, 1 Feabhra, 2008)

An bhfuil aon rud ráite sa mBíobla faoi chló Íosa?

“Cé Leis a Raibh Íosa Cosúil?” (Alt ar líne)

Céard is féidir linn a fhoghlaim ón mbealach ar chaith Íosa le mná?

“Respect and Dignity Under God’s Care” (The Watchtower, 1 Meán Fómhair, 2012)