An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt?
An ndéarfá . . .
-
beidh?
-
ní bheidh?
-
b’fhéidir?
DEIR AN BÍOBLA
“Glanfaidh [Dia] gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh.”—Apacailipsis 21:3, 4, An Bíobla Naofa.
AN TAIRBHE ATÁ ANN DUITSE
Cinnteacht nach é Dia is cúis lenár bhfadhbanna.—Séamas 1:13.
Sólás mar go bhfuil a fhios againn go mbíonn trua ag Dia dúinn agus muid ag fulaingt.—Zacairia 2:12.
Dóchas go mbeidh deireadh le gach fulaingt.—Salm 37:9-11.
AN FÉIDIR AN BÍOBLA A CHREIDIÚINT?
Is féidir, agus tá ar a laghad dhá chúis leis seo:
-
Tá an ghráin ag Dia ar an bhfulaingt agus ar an éagóir. Cuimhnigh ar an gcaoi ar mhothaigh Iehova Dia nuair a bhí leatrom á dhéanamh ar a phobal sa ré a gcuireann an Bíobla síos air. Deir an Bíobla go raibh trua aige dóibh nuair a bhí siad “á gcrá agus á gciapadh.”—Breithiúna 2:18.
Cuireann siad siúd a dhéanann dochar do dhaoine eile isteach go mór ar Dhia. Mar shampla, deir an Bíobla “is gráin lena chroí . . . lámha a dhoirt fuil neamhchiontach.”—Seanfhocail 6:16, 17.
-
Tá cion ag Dia orainn go pearsanta. Tá a fhios ag gach duine céard atá ag goilleadh ar féin ach tá a fhios ag Iehova chomh maith, mar “is eol [dó] gach croí.”—2 Croinicí 6:29, 30.
Trína Ríocht, is gearr go gcuirfidh Iehova deireadh le fulaingt gach aon duine againn. (Matha 6:9, 10) Idir an dá linn, tugann sé sólás dóibh siúd a dhéanann é a lorg go macánta.—Gníomhartha 17:27; 2 Corantaigh 1:3, 4.
ÁBHAR MACHNAIMH
Cén fáth a gceadaíonn Dia fulaingt?
Freagraíonn an Bíobla an cheist sin ag RÓMHÁNAIGH 5:12 agus 2 PEADAR 3:9.